Stair na Scoile
Tá stair fada ag Scoil Bhriocáin ag dul siar go dtí 1873. Deirtear go raibh duine de uaisle Bhaile na hInse ag taisteal tríd an Gort Mór nuair a chonaic sí gasúir ag spraoi ar thaobh an bhóthair. Chuir sí ceist ar a giolla cén fáth nach raibh na gasúir ag an scoil. Nuair a thuig sí nach raibh a leithid sa cheantar chuir sí airgead ar fáil chun scoil a thógáil. Tógadh an scoil san áit ina bhfuil teach an phobail san lá atá inniu ann. Bhí staid na scoile go dona le h-imeacht ama agus tharraing Colm Ó Gaora stailc faoi droch staid na scoile. De bharr seo tógadh scoil nua ar an láthair nua & tá an scoil ann riabh ó shin.