Naomh Briocán
Rugadh Naomh Bhriocán thart ar míle bliain o shin in Árainn. Bhí Naomh eile in Árainn ag an am dar ainm Naomh Anna. Bheadh na dhá naomh i gconaí ag troid lena chéile. Lá amháin smaoinigh duine ar phleann. Shocraigh siad an oileán a shiúil agus bualadh lena chéile sa lár, agus an talamh a roinnt. Cé go bhain siad trial as níor oibrigh sé agus ansin thosaigh siad ag troid arís. Fuair siad tinn agus tuirseach don troid agus d’imigh siad. Chuaigh Naomh Bhriocáin go Rosmuc agus chuaigh Naomh Anna go Leitir Mór. Nuair a bhí sé i Rosmuc thóg sé an chéad séipéal agus scaip sé an creideamh i measc an phobail.
Tá go leor scéalta difriúil faoi Naomh Bhriocáin agus seo ceann faoi an leacht. Bhí sé ráite sa seanchas dá mbeadh tú bréagach agus thú ar an leacht go dtarlaíodh droch rud duit. Tharla sé seo do bean amháin. Lá amháin ghoid sí cearc ón comharsan. Dúirt sí le chách nach ghoid sí an chearc agus chuaigh sí suas ag an leacht chun mionnú nach ndearna sí a leithid. Ach nuair a dúirt sí é sin leis an leacht tháinig poll mór agus thit sise agus an leacht síos ann agus ní fhaca aon duine o shin an bhean ná an leacht riamh ó shin.
Is é Naomh Bhriocáin an chéad Naomh a tháinig go Rosmuc agus sin é an fáth go bhfuil go leor rudaí ainmní ina dhiaidh. Ceiliúradh lá an Tobar (Lá Naomh Bhriocáin) ar an 15ú la go Lúnasa chuile bhliain. Thug Naomh Bhriocáin go leor rudaí go Rosmuc agus sin é an fáth go é an Naomh is fearr liomsa é.
Cian Ó Niadh