Polasaithe scoile
Ag Freagairt do Theagmhais Chriticiúla
cras___smachta.docx |
polasa_side_inghlactha.docx |
polasa_obair_bhaile.docx |
Measúnú Riosca Scoil Bhriocáin
|
|
Raiteas Chumhdach an linbh Scoil Náisiúnta Bhriocain, An Gort Mór 17463L |
|
Polasaí Iontrála 2020
Polasaí Iontrála Scoil Bhriocáin
An Gort Mór, Rosmuc
Fón 091-574303
Ríomh phost: [email protected]
www.scoilbhriocain.weebly.com
Uimhir Rolla 17463L
Pátrún na scoile An t-Easpag Breandán Ó Ceallaigh
Réamhrá Comhlíonann an Polasaí Iontrála seo ceanglais an Achta Oideachais 1998, an Achta Oideachais (Iontráil i Scoileanna) 2018 agus an Achta um Stádas Comhionann 2000. Agus an polasaí seo á dhréachtú, chuaigh Bord Bainistíochta na scoile i gcomhairle le foireann na scoile, le pátrún na scoile agus le tuismitheoirí na scoile.
Cuirfear ar fáil i gcóip chrua é ar iarratas d'aon duine a iarrann agus beidh sé foilsithe ar shuíomh gréasáin na scoile.
Cuireann an Bord Bainistíochta in iúl do thuismitheoirí a roghnaíonn an scoil dá leanaí, iad a thabhairt chun na scoile mar chuid den chóras iontrála ar lá áirithe sa triú téarma sa scoilbhliain sula dtosaíonn na gasúir. Líontar foirm iontrála faoi leith i Mí Mheán Fhómhair ‘chuile bhliain, le sonraí na ngasúr a choinneáil suas chun dáta.
Spiorad sainiúil agus cuspóirí ginearálta na scoileAidhmeanna Is í fealsúnacht na scoile ná na t-oideachas sin a sholáthar in atmasfear ceannasach fite fuaite le comh-mheas. Mol an óige agus tiocfaidh sí!
Is bunscoil Ghaeltachta, Chaitliceach í Scoil Bhriocain faoi phátrúnacht an t-Easpag Ó Ceallaigh is ea Scoil Bhriocáin
Ciallaíonn ‘éiteas Caitliceach’ éiteas agus spiorad sainiúil na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí, a chuireann chun cinn :
1. Forbairt iomlán na bpáistí – idir intleachtúil, mhothálach, fhisiciúil, spioradálta , aeistéitiúil agus shóisialta
2. Gaol beo le Dia agus le daoine eile
3. Fealsúnacht saoil bunaithe ar chreideamh i nDia agus ar shaol , ar bhás agus ar aiséirí Íosa ; agus
4. Oiliúint na ndaltaí sa gcreideamh Caitliceach
Cuirfimid oideachas reiligiúnda ar fáil do na páistí de réir theagasc, chleachtais agus thraidisiúin na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí agus /nó de réir mar a leagan Comhdháil Easpag na hÉireann amach
Déanann muid cinnte;
Mar chuid den seirbhís a chuireann an scoil ar fáil do thuismitheoirí a theastaíonn a gcuid gasúir a thógáil sa gcreideamh Caitliceach sin, bíonn ranganna teagasc Críostaí a leanann curaclam a threasnaíonn na hábhair eile;
.
Ráiteas maidir le hiontráil
Ní dhéanfaidh Scoil Bhriocáin idirdhealú maidir le dalta a ligean isteach i scoil ar bhonn aon cheann díobh seo a leanas:
De réir Alt 61 (3) den Acht Oideachas 1998, forléireofar ‘foras stádais shibhialta', 'foras míchumais', 'leithcheal', 'foras stádas teaghlaigh', 'foras inscne', 'foras cine', 'foras reiligiúin', 'foras gnéaschlaonta' agus 'foras pobail Taistil' de réir alt 3 den Acht um Stádas Comhionann 2000.
Na catagóirí de Riachtanais Speisialta Oideachais a ndéantar freastal orthu sa scoil.
I gcás leanaí le riachtanais speisialta lorgóidh an Bord Bainistíochta cóipeanna de thuairiscí ó dhochtúirí / síceolaithe &rl. i leith an linbh. Muna bhfuil a leithéid de thuairiscí faighte cheana féin tuigtear go ndéanfadh síceolaí/dochtúir measúnú ar an bpáiste chomh luath agus is féidir. ‘Sé an aidhm atá le seo ná chun cabhrú leis an scoil freastal go caoi ar riachtanais an linbh i.e. tacaíocht bhreise a chur ar fáil don leanbh le cead na Roinne Oideachais & Ealaíne & plean pearsanta oibre a leagadh amach don leanbh más gá a leithéid sin.
Déanfaidh an Bord cinneadh faoin tslí ina bhfreastalódh an scoil ar na riachtanais a bheidh luaite ar an dtuairisc a luaithe agus a fhaigheann sé a leithéid. Más é tuairim an Bhoird go mbeidh tuilleadh cabhrach ag teastáil san scoil chun freastal ar na riachtanais faoi mar atá leagtha síos san tuairisc lorgófar an tacaíocht caoi (msh. múinteoir acmhainne, múinteoir tacaíochta, cúntóir speisialta, múinteoir taistil, troscán ar leith, áis foghlama éigin, córas iompair &rl)ón Roinn Oideachais & Eolaíochta.
Buailfidh an príomh oide (nó ionadaí on scoil) leis na tuismitheoirí chun riachtanais an linbh a phlé agus chun cumas na scoile i leith freastal ar na riachtanais sin a mhíniú / phlé. I gcásanna áirithe dár ndóigh bheadh gá le mór chruinniú idir tuismitheoirí an linbh & an príomh oide, an múinteoir ranga, an múinteoir tacaíochta, an síceolaí, an cúntóir speisialta &rl.
Uaireanta beidh ar an mBord fanacht ar feadh tréimhse chun an leanbh a chlárú go dtí go mbeidh :
* teacht ar an dtuairisc scríofa ón síceolaí &rl
* an tacaíocht caoi faighte ón Roinn Oideachais & Eolaíochta chun freastal ar riachtanais an linbh faoi mar a luaitear ar an dtuairisc on síceolaí / dochtúir &rl
Daltaí a ligean isteach:
Is féidir le leanaí teacht chun na scoile ag am ar bith ag brath ar chúrsaí spáis & cead na Roinne Oideachais & Scileanna.
Má tá dalta ag athrú ó scoil eile, tá sé de dhualgas ar an mBord Bainistíochta cuntas tinrimh an linbh a sheoladh go dtí an scoil eile & tuairisc ar dhul chun cinn an linbh a sheoladh ina theannta sin (cead an tuismitheora riachtanach don tuairisc ar dhul chun cinn an linbh) de réir an Acht Oideachais Sóisialta (2000).
Tá sé molta gur ag tús téarma a bheadh aon phaiste nua ag tosnú.
Farasbarr páistí don scoil
Má tharlaíonn go mbíonn farasbarr páistí do na h-áiteacha sa scoil cuirfear na coinníollacha seo leanas san áireamh.
An méid nach mbreithneofar ná nach gcuirfear san áireamh De réir alt 62(7)(e) den Acht Oideachais 1998, ní dhéanfaidh an scoil aon cheann díobh seo a leanas a bhreithniú ná a chur san áireamh agus iarratais ar chead isteach á gcinneadh nó nuair a bhíonn dalta á c(h)ur ar liosta feithimh le haghaidh iontrála sa scoil.
Ag Déanamh Cinneadh:
Déanfar an cinneadh de réir polasaí na scoile maidir le clárú na bpáistí sa scoil. De réir an Acht Oideachais Sóisialta (2000) cuirfidh an Príomhoide scéala faoin gcinneadh chuig na tuismitheoirí laistigh de 21 lá ach má bhíonn spás sa scoil cuirtear seo in iúl do na tuismitheoirí ar an lá a líontar an fhoirm iontrála.
Cloífidh an Bord Bainistíochta le treoracha na Roinne Oideachais & Eolaíochta maidir le líon na bpáistí i ngach rang, líon na múinteoirí sa scoil., riachtanais spáis & cúrsaí slándála go ginearálta.
Tá an Bord Bainistíochta teoranta ag Rialacha na Bunscoile de réir na Roinne Oideachais & Eolaíochta a léiríonn nach féidir páiste a chlárú go dtí go mbíonn siad ceithre bliana d’aois. (níl freastal éigeantach go dtí go mbíonn leanbh sé bhliana d’aois)
Cúinsí nach féidir tairiscintí a dhéanamh nó ar féidir tairscint a tharraingt siar dá mbarr.Ní féidir le Scoil Bhriocáin tairiscint iontrála a dhéanamh, nó is féidir tairiscint a tharraingt siar, sna cásanna a leanas:
Sonraí a roinnt le scoileanna eileBa chóir d'iarratasóirí a bheith feasach go gceadaítear le hAlt 66(6) den Acht Oideachas (Iontráil Scoileanna), 2018 comhroinnt sonraí idir scoileanna d'fhonn iontráil éifeachtach daltaí a éascú.
Liosta feithimh i gcás farasbarr-iarrataisI gcás go mbeidh níos mó iarratas ar an scoilbhliain lena mbaineann ná na háiteanna atá ar fáil, tiomsófar liosta feithimh de dhaltaí nár éirigh lena n-iarratas ar iontráil chuig Scoil Bhriocáin mar gheall ar ró-éileamh ar an scoil agus beidh siad bailí don scoilbhliain ina bhfuil cead isteach á lorg.
Tá socrúchán ar liosta feithimh Scoil Bhriocain san ord tosaíochta a shanntar d'iarratais na ndaltaí tar éis don scoil na critéir roghnúcháin a chur i bhfeidhm de réir an pholasaí iontrála seo.
Déanfar tairiscintí maidir le haon áiteanna ina dhiaidh sin a bheidh ar fáil don scoilbhliain agus lena linn a bhfuil cead isteach á lorg ina leith maidir leis na daltaí sin ar an liosta feithimh, de réir an oird tosaíochta ar cuireadh na daltaí ar an liosta.
Iarratais DhéanachaBreithneofar agus déanfar cinneadh ar gach iarratas ar chead isteach a fhaightear tar éis an dáta deiridh mar atá leagtha amach san fhógra iontrála bliantúil de réir pholasaí iontrála ár scoile, de réir an Achta um Iontrálacha Scoile 2018 agus de réir aon rialacháin a rinneadh faoin Acht sin.
Nósanna imeachta maidir le daltaí a ligean isteach i mblianta eile agus le linn na scoilbhliana
An Lá a chuirtear an Páiste ar an Rolla:
De gnáth glactar le páistí ins an scoil ar an 1ú lá de Mheán Fómhair nó an chéad lá arais sa scoilbhliain nua. Beidh an Bord solúbtha i leith seo & oscailte glacadh le páiste ag am ar bith i rith na bliana ag braith ar an gcás áirithe. Is ag tús chuile théarma a mholtar d'aon phaiste nua tosnú.
Dearbhú maidir le gan táillí a ghearradhNí ghearrfaidh Bord Bainistíochta Scoil Bhriocain ná aon duine a ghníomhaíonn thar a ceann táillí ar íocaíocht nó ní lorgeoidh sé nó sí íocaíocht ná ranníocaíocht (cibé slí a dtuairiscítear) mar choinníoll de -
Socruithe maidir le daltaí nach bhfreastalaíonn ar Theagasc Criostaí
Fáilteofar roimh chuile pháiste isteach sa scoil i gconaí. Mura bhfuil tuismitheoirí ag iarraidh go nglacfadh a bpáiste páirt sa rang, tabharfaidh an múinteoir ranga obair feiliúnach le deánamh don pháiste. Is féidir leis an páiste an obair seo a dheánamh go neamhspleach sa rang faoi threoir an mhúinteora.
An ceart chun athbhreithnithe/achomhairc Athbhreithniú ar chinntí an Bhord BainistíochtaFéadfaidh tuismitheoir mac léinn iarraidh ar an mbord athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh áit sa scoil a dhiúltú. Ní mór iarratais den gcineál sin a dhéanamh de réir Alt 29C den Acht Oideachais 1998.
Tá an t-amlíne ina gcaithfear athbhreithniú den gcineál sin a iarraidh agus na ceanglais eile a bhaineann maidir le hathbhreithnithe den gcineál sin leagtha amach sna nósanna imeachta arna gcinneadh ag an Aire faoi alt 29B den Acht Oideachais 1998 atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Déanfaidh an Bord athbhreithnithe den gcineál sin de réir na nósanna imeachta a rialaítear faoi Alt 29B i gcomhair le Alt 29C den Acht Oideachais 1998.
Tabhair faoi deara: Sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, ní mór don iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998.
Sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar chúis seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, féadfaidh an t-iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998.
Ceart achomhaircFaoi Alt 29 den Acht Oideachais 1998, féadfaidh tuismitheoir mac léinn achomharc a dhéanamh ar chinneadh na scoile seo áit sa scoil a dhiúltú.
Is féidir achomharc a dhéanamh faoi Alt 29 (1)(c)(i) den Acht Oideachais 1998 sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil.
Is féidir achomharc a dhéanamh faoi Alt 29 (1)(c)(i) den Acht Oideachais 1998 sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar chúis seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil.
Sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, ní mór don iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998. (féach Athbhreithniú ar chinntí an Bhord Bainistíochta)
Sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar chás seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, féadfaidh an t-iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998. (féach Athbhreithniú ar chinntí an Bhord Bainistíochta)
Déanfar achomhairc faoi Alt 29 den Acht Oideachais 1998 a mheas agus a chinneadh ag coiste neamhspleách achomhairc arna cheapadh ag an AIre Oideachais agus Scileanna.
Tá an t-amlíne ina gcaithfear achomharc den gcineál sin a iarraidh agus na ceanglais eile a bhaineann maidir le hachomhairc den gcineál sin leagtha amach sna nósanna imeachta arna gcinneadh ag an Aire faoi alt 29B den Acht Oideachais 1998 atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Is scoil í Scoil Bhriocain arb é an cuspóir atá aici oideachas a sholáthar i dtimpeallacht a chuireann luachanna reiligiúnacha áirithe chun cinn agus ní dhéanann sí idirdhealú i gcás nuair a dhiúltaíonn sí cead isteach do dhalta nach Caitliceach é/í agus cruthaítear go bhfuil an diúltú riachtanach chun éiteas na scoile a choinneáil.
Micheál Ó Máille
Bealtaine 2020

- Atmaisféar Críostúil a chruthú, le onóir chuig Dia, páidreacha,
- go mbeadh an creideamh le mothú tríd an scoil,
- siombailí Chríost a thaispeáint sa scoil.
- go bhfuil meas ar gach duine i bpobal na scoile,
- An nasc idir an scoil, an baile agus an paróiste a aithint agus a fhorbairt.

- Meas agus cúram don domhan cruthaithe,
- Tuiscint ar an duine pearsanta, mórálta, fisiciúil, spioradálta, siceolaíoch, grámhar, speisialta agus uathúil.
- Ealaín,ceol,an focal scríofa,drámaíocht
- Cultúr,stair,traidisiún.

- inscne an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- stádas sibhialta an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- stádas teaghlaigh an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- gnéaschlaonadh an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- reiligiún an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- bunús mhíchumas an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- cine an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- dalta nó iarratasóir ó phobal an lucht siúil i leith an dalta lena mbaineann, nó
- riachtanais speisialta oideachais a bheith ag an dalta nó ag an iarratasóir i leith an dalta lena mbaineann.

- Tabharfar tús áite má tá deartháir/deirfiúr níos sine sa scoil.
- De réir aoise, glacfar leis na gasúir is sine ar dtús.

- freastal roimh ré ag dalta ar réamhscoil nó ar sheirbhís réamhscoile, lena n-áirítear naíonraí,
- íocaíocht táillí nó ranníocaíochtaí (cibé slí a dtuairiscítear é) leis an scoil;
- cumas, scileanna nó inniúlacht acadúil an dalta seachas de réir fhorálacha alt 62(9) den Acht
- ceanglas go bhfreastalóidh dalta, nó a t(h)uismitheoirí ar agallamh, lá oscailte nó cruinniú eile mar choinníoll iontrála;
- ceangal dalta leis an scoil de bhua duine dá t(h)eaghlach nó dá teaghlach ag freastal ar an scoil nó a bhí ag freastal ar an scoil roimhe sin;
- an dáta agus an t-am ar ghlac an scoil le hiarratas iontrála.
Ag Déanamh Cinneadh:
Déanfar an cinneadh de réir polasaí na scoile maidir le clárú na bpáistí sa scoil. De réir an Acht Oideachais Sóisialta (2000) cuirfidh an Príomhoide scéala faoin gcinneadh chuig na tuismitheoirí laistigh de 21 lá ach má bhíonn spás sa scoil cuirtear seo in iúl do na tuismitheoirí ar an lá a líontar an fhoirm iontrála.
Cloífidh an Bord Bainistíochta le treoracha na Roinne Oideachais & Eolaíochta maidir le líon na bpáistí i ngach rang, líon na múinteoirí sa scoil., riachtanais spáis & cúrsaí slándála go ginearálta.
Tá an Bord Bainistíochta teoranta ag Rialacha na Bunscoile de réir na Roinne Oideachais & Eolaíochta a léiríonn nach féidir páiste a chlárú go dtí go mbíonn siad ceithre bliana d’aois. (níl freastal éigeantach go dtí go mbíonn leanbh sé bhliana d’aois)
Cúinsí nach féidir tairiscintí a dhéanamh nó ar féidir tairscint a tharraingt siar dá mbarr.Ní féidir le Scoil Bhriocáin tairiscint iontrála a dhéanamh, nó is féidir tairiscint a tharraingt siar, sna cásanna a leanas:
- déantar amach go bhfuil an fhaisnéis atá san iarratas bréagach nó míthreorach.
- teipeann ar iarratasóir glacadh le tairiscint iontrála ar nó roimh an dáta atá leagtha amach i bhfógra iontrála bliantúil na scoile.
- má theipeann ar thuismitheoir dalta, nuair a éilíonn an príomhoide é de réir alt 23(4) den Acht Oideachais (Leas) 2000, a dhearbhú i scríbhinn go bhfuil cód iompair na scoile inghlactha dó nó di agus go ndéanfaidh sé nó sí gach iarracht réasúnach lena chinntiú go gcomhlíonfaidh an dalta an cód sin; nó
- teipeann ar iarratasóir riachtanais a chomhlíonadh chun 'glacadh le tairiscint' mar atá leagtha amach in alt 10 thuas.
Sonraí a roinnt le scoileanna eileBa chóir d'iarratasóirí a bheith feasach go gceadaítear le hAlt 66(6) den Acht Oideachas (Iontráil Scoileanna), 2018 comhroinnt sonraí idir scoileanna d'fhonn iontráil éifeachtach daltaí a éascú.
Liosta feithimh i gcás farasbarr-iarrataisI gcás go mbeidh níos mó iarratas ar an scoilbhliain lena mbaineann ná na háiteanna atá ar fáil, tiomsófar liosta feithimh de dhaltaí nár éirigh lena n-iarratas ar iontráil chuig Scoil Bhriocáin mar gheall ar ró-éileamh ar an scoil agus beidh siad bailí don scoilbhliain ina bhfuil cead isteach á lorg.
Tá socrúchán ar liosta feithimh Scoil Bhriocain san ord tosaíochta a shanntar d'iarratais na ndaltaí tar éis don scoil na critéir roghnúcháin a chur i bhfeidhm de réir an pholasaí iontrála seo.
Déanfar tairiscintí maidir le haon áiteanna ina dhiaidh sin a bheidh ar fáil don scoilbhliain agus lena linn a bhfuil cead isteach á lorg ina leith maidir leis na daltaí sin ar an liosta feithimh, de réir an oird tosaíochta ar cuireadh na daltaí ar an liosta.
Iarratais DhéanachaBreithneofar agus déanfar cinneadh ar gach iarratas ar chead isteach a fhaightear tar éis an dáta deiridh mar atá leagtha amach san fhógra iontrála bliantúil de réir pholasaí iontrála ár scoile, de réir an Achta um Iontrálacha Scoile 2018 agus de réir aon rialacháin a rinneadh faoin Acht sin.
Nósanna imeachta maidir le daltaí a ligean isteach i mblianta eile agus le linn na scoilbhliana
An Lá a chuirtear an Páiste ar an Rolla:
De gnáth glactar le páistí ins an scoil ar an 1ú lá de Mheán Fómhair nó an chéad lá arais sa scoilbhliain nua. Beidh an Bord solúbtha i leith seo & oscailte glacadh le páiste ag am ar bith i rith na bliana ag braith ar an gcás áirithe. Is ag tús chuile théarma a mholtar d'aon phaiste nua tosnú.
Dearbhú maidir le gan táillí a ghearradhNí ghearrfaidh Bord Bainistíochta Scoil Bhriocain ná aon duine a ghníomhaíonn thar a ceann táillí ar íocaíocht nó ní lorgeoidh sé nó sí íocaíocht ná ranníocaíocht (cibé slí a dtuairiscítear) mar choinníoll de -
- iarratas ar dhalta a ligean isteach sa scoil, nó
- iontráil nó clárú leanúnach dalta sa scoil.
Socruithe maidir le daltaí nach bhfreastalaíonn ar Theagasc Criostaí
Fáilteofar roimh chuile pháiste isteach sa scoil i gconaí. Mura bhfuil tuismitheoirí ag iarraidh go nglacfadh a bpáiste páirt sa rang, tabharfaidh an múinteoir ranga obair feiliúnach le deánamh don pháiste. Is féidir leis an páiste an obair seo a dheánamh go neamhspleach sa rang faoi threoir an mhúinteora.
An ceart chun athbhreithnithe/achomhairc Athbhreithniú ar chinntí an Bhord BainistíochtaFéadfaidh tuismitheoir mac léinn iarraidh ar an mbord athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh áit sa scoil a dhiúltú. Ní mór iarratais den gcineál sin a dhéanamh de réir Alt 29C den Acht Oideachais 1998.
Tá an t-amlíne ina gcaithfear athbhreithniú den gcineál sin a iarraidh agus na ceanglais eile a bhaineann maidir le hathbhreithnithe den gcineál sin leagtha amach sna nósanna imeachta arna gcinneadh ag an Aire faoi alt 29B den Acht Oideachais 1998 atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Déanfaidh an Bord athbhreithnithe den gcineál sin de réir na nósanna imeachta a rialaítear faoi Alt 29B i gcomhair le Alt 29C den Acht Oideachais 1998.
Tabhair faoi deara: Sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, ní mór don iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998.
Sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar chúis seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, féadfaidh an t-iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998.
Ceart achomhaircFaoi Alt 29 den Acht Oideachais 1998, féadfaidh tuismitheoir mac léinn achomharc a dhéanamh ar chinneadh na scoile seo áit sa scoil a dhiúltú.
Is féidir achomharc a dhéanamh faoi Alt 29 (1)(c)(i) den Acht Oideachais 1998 sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil.
Is féidir achomharc a dhéanamh faoi Alt 29 (1)(c)(i) den Acht Oideachais 1998 sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar chúis seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil.
Sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, ní mór don iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998. (féach Athbhreithniú ar chinntí an Bhord Bainistíochta)
Sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar chás seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, féadfaidh an t-iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998. (féach Athbhreithniú ar chinntí an Bhord Bainistíochta)
Déanfar achomhairc faoi Alt 29 den Acht Oideachais 1998 a mheas agus a chinneadh ag coiste neamhspleách achomhairc arna cheapadh ag an AIre Oideachais agus Scileanna.
Tá an t-amlíne ina gcaithfear achomharc den gcineál sin a iarraidh agus na ceanglais eile a bhaineann maidir le hachomhairc den gcineál sin leagtha amach sna nósanna imeachta arna gcinneadh ag an Aire faoi alt 29B den Acht Oideachais 1998 atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Is scoil í Scoil Bhriocain arb é an cuspóir atá aici oideachas a sholáthar i dtimpeallacht a chuireann luachanna reiligiúnacha áirithe chun cinn agus ní dhéanann sí idirdhealú i gcás nuair a dhiúltaíonn sí cead isteach do dhalta nach Caitliceach é/í agus cruthaítear go bhfuil an diúltú riachtanach chun éiteas na scoile a choinneáil.
Micheál Ó Máille
Bealtaine 2020
Polasaí Frithbhulaíocht
Polasaí Frithbhulaíochta
Scoil Bhriocáin
Príomhghnéithe den chultúr agus timpeallacht dhearfach atá i réim sa scoil:
Leideanna Praiticiúla a mbainfear úsáid astu chun cultúr agus timpeallacht dhearfach scoile a fhorbairt:
(b) A chinntiú go bhfuil na cuntais príobháideach
(c) Maoirseacht a dhéanamh ar úsáid na meán sóisialta
(d) A chinntiú nach mbíonn fóin, ríomhairí glúine, etc. sa seomra codlata istoíche
(b) Ceannaireacht éifeachtach;
(c) Cur chuige scoile uile;
(d) Tuiscint i bpáirt faoin rud is bulaíocht ann agus faoin tionchar is féidir a bheith aige
(e) Feidhmiú straitéisí oideachais agus coiscthe (lena n-áirítear bearta chun feasacht a mhúscailt)
3. I gcomhréir le Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile seo é an sainmhíniú
ar bhulaíocht:
An rud a thuigtear le bulaíocht ná iompar diúltach neamhiarrtha, bíodh sé i bhfoirm iompar briathartha, síceolaíoch nó fisiciúil, a dhéanann duine aonair nó grúpa in aghaidh duine nó daoine eile, agus a dhéantar arís agus arís eile. (‘Cuimhnigh ionas gur bulaíocht atá i gceist, caithfidh an t-iompar a dhéanamh d’aon turas, a bheith urchóideach agus déantar é arís is arís’)
Áirítear na cineálacha iompair bhulaíochta seo a leanas ar an sainmhíniú ar bhulaíocht:
nó ar dhuine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais aici/aige.
Ní chuimsíonn an sainmhíniú seo ar bhulaíocht teagmhais aonraithe nó teagmhais aon uaire d'iompar diúltach d'aon turas, lena n-áirítear téacsteachtaireacht mhaslach nó goilliúnach aon uaire nó teachtaireachtaí príobháideacha eile agus ba cheart déileáil leo, mar is cuí, de réir chód iompair na scoile.
Ach, i bhfianaise an bheartais seo, féachfar ar theachtaireacht, íomhá nó ráiteas poiblí goilliúnach aon uaire ar shuíomh Gréasáin líonra poiblí nó ar fhóram poiblí eile ar féidir an teachtaireacht, an íomhá nó an ráiteas sin a fheiceáil air agus/nó a bheith athráite ag daoine eile mar iompar bulaíochta.
Iompar diúltach nach n-áirítear sa sainmhíniú seo ar bhulaíocht, déileálfar leis de réir chód iompair na scoile.
Samplaí d'Iompraíochtaí Bulaíochta
Iompraíochtaí a bhaineann le gach saghas bulaíocht
Cibearbhulaíocht
Iompraíochtaí bunaithe ar Aitheantas
Lena n-áirítear aon cheann de na naoi bhforas idirdhealúcháin a luaitear sa Reachtaíocht um Chomhionannas (inscne lena n-áirítear trasinscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, claonadh gnéasach, reiligiún, aois, míchumas, cine agus toisc gur den Lucht Taistil iad).
Homafóbach agus Trasinscne
Cine, náisiúntacht, cúlra eitneach agus ballraíocht de phobal an Lucht Taistil
Caidreamhach
Is éard atá i gceist anseo caidrimh a mhí-ionramháil mar bhealach chun bulaíocht a dhéanamh. Ar na hiompraíochtaí tá:
Gnéasach
Riachtanais Speisialta Oideachais,
Míchumas
Gheofar eolas breise ar na cineálacha éagsúla bulaíochta i Roinn 2 de na Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile agus tá sé le feiceáil sa doiciméad seo mar Aguisín 1.
5. Seo a leanas na Straitéisí Oideachais agus Coiscthe a bheidh in úsáid sa scoil:
Cur chuige na scoile ina hiomláine
Curaclaim a chur i ngníomh:
Naisc le beartais eile
6. Seo a leanas nósanna imeachta na scoile chun iompar bulaíochta a imscrúdú, chun obair leantach a dhéanamh ina dtaobh agus chun iompar bulaíochta a thaifeadadh mar aon leis na straitéisí idirghabhála bunaithe a úsáidfidh an scoil chun déileáil le cásanna d'iompar bulaíochta:
Is é an phríomhaidhm a bhaineann le bulaíocht a fhiosrú agus a láimhseáil ná ceisteanna a réiteach agus an caidreamh idir na páirtithe a shlánú, a oiread agus is féidir (seachas milleán a leagan ar dhuine);
Ní mór do ghnásanna na scoile cloí leis an gcur chuige seo a leanas.
Déanfar gach iarracht a chinntiú go dtuigfidh gach duine atá rannpháirteach (daltaí, tuismitheoirí/caomhnóirí san áireamh) an cur chuige sin ón tús.
Iompraíocht Bhulaíochta a Thuairisciú:
Eachtraí a Fhiosrú agus a Láimhseáil: Stíl an Chuir Chuige:
Gníomh leantach agus cuntas
- An bhfuil ceisteanna idir na páirtithe réitithe, a oiread agus is féidir;
- An bhfuil caidreamh idir na páirtithe slánaithe, a oiread agus is féidir;
- Aiseolas ar bith a fuarthas ó na páirtithe rannpháirteacha, óna dtuismitheoir(í)/a gcaomhnóir(í) nó ó phríomhoide nó leas-phríomhoide na scoile
Iompraíocht Bhulaíochta a chuntas
Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí gach eachtra de bhulaíocht a chuntas ar bhealach oibiachtúil agus fíorasach.
Seo a leanas gnásanna na scoile maidir le hiompraíocht bhulaíochta a chuntas agus a thuairisciú:
Réamhdhearbhú neamhfhoirmiúil gur tharla bulaíocht
Céim Fhoirmiúil - 1 Dearbhú gur tharla bulaíocht
Céim Fhoirmiúil - 2 Aguisín 3 (Ó Ghnásanna Foirmiúla na Roinne Oideachais agus Scileanna)
a) i gcásanna gur dóigh leis/léi nár déileáladh go cuí ná go leordhóthanach leis an iompraíocht bhulaíochta laistigh de 20 lá scoile tar éis dó/di a chinneadh gur tharla iompraíocht bhulaíochta; agus
b) Sa chás gur chinn an scoil mar chuid dá beartas frithbhulaíochta nár mhór, i gcúinsí áirithe, an iompraíocht bhulaíochta a chuntas agus a thuairisciú láithreach bonn don Phríomhoide nó don Leas-Phríomhoide de réir mar is cuí e.g Eachtraí a mheastar atá sách tromchúiseach chun iad a thuairisciú do na Gardaí.
Nuair a bhaintear úsáid as an teimpléad cuntais, ní mór don mhúinteoir ábhartha é a choinneáil agus ní mór don phríomhoide cóip de a choinneáil. Ní mór na cuntais a choimeád faoi ghlas.
Is foinse sonraí áisiúil a bheidh éasca a rochtain i dtaca le hiompar bulaíochta ar scoil é an teimpléad in Aguisín 3 chun bulaíocht a chuntas agus a thuairisciú do Phríomhoide nó do Leas-Phríomhoide na scoile. Ní mór na sonraí a bhailítear ó na tuairiscí sin a chur le chéile agus a anailísiú go rialta (uair amháin ar a laghad i ngach scoilbhliain) ag féachaint le leibhéil iompraíochta bulaíochta a fhaire agus aon cheisteanna ar leith a dteastaíonn aird uathu nó aon treochtaí suntasacha in iompar. Ní mór cuntas a choimeád den anailís sin agus é a chur ar fáil don Bhord Bainistíochta. Caithfear aon fhreagraí cuí ar aon cheisteanna a aithnítear a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm.
Beidh cur i bhfeidhm agus éifeachtacht an bheartais frithbhulaíochta a chur san áireamh mar mhír chlár oibre do chruinnithe foirne d’fhonn a chinntiú gur féidir aon imní faoin mbeartas nó faoi leas aon daltaí aonair a roinnt agus gur féidir dul i ngleic leo go héifeachtach.
Tuairiscí achoimre tréimhsiúla don Bhord Bainistíochta
Ag gach cruinniú Bord Bainistíochta, uair amháin ar a laghad i ngach téarma scoile, tabharfaidh an Príomhoide tuairisc don Bhord Bainistíochta ina leagfar amach:
Athbhreithniú Bliantúil ag an mBord Bainistíochta
Déanfaidh an Bord Bainistíochta athbhreithniú bliantúil ar bheartas frithbhulaíochta na scoile agus an chaoi a bhfuil an scoil ag cur an bheartais i bhfeidhm.
Úsáidfear seicliosta caighdeánach chun an t-athbhreithniú a dhéanamh agus tá sé ar fáil in Aguisín 4. Cuirfidh an scoil plean gníomhaíochta i bhfeidhm chun dul i ngleic le haon réimsí feabhais a aithníodh san athbhreithniú.
Cuirfear fógra i scríbhinn gur cuireadh an t-athbhreithniú i gcrích ar fáil d’fhoireann na scoile, foilseofar é ar shuíomh gréasáin na scoile agus cuirfear ar fáil é do Chumann na dTuismitheoirí. Tá fógra caighdeánach a úsáidfear chun na críche sin áirithe in Aguisín 4. Cuirfear cuntas den athbhreithniú agus dá thorthaí ar fáil, ach iad a iarraidh, don phátrún agus don Roinn.
Straitéisí Idirghabhála Seanbhunaithe
7. Seo a leanas Clár Tacaíochta na Scoile chun oibriú le daltaí a ndearnadh bulaíocht orthu:
- Obair i ngrúpaí, cuir i gcás am ciorcail
-Monatóireacht múinteoirí
-Suirbhéanna ranga
8. Maoirseacht agus Monatóireacht Éifeachtach ar Dhaltaí
Deimhníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil cleachtais agus beartais chuí mhaoirseachta agus monatóireachta i bhfeidhm chun iompar bulaíochta a chosc agus chun déileáil leis agus chun idirghabháil luath a éascú más féidir.
9. An Ciapadh a Chosc
Deimhníonn an Bord Bainistíochta go ndéanfaidh an scoil, de réir a oibleagáidí faoin reachtaíocht chomhionannais, gach beart is indéanta go praiticiúil chun daltaí agus baill foirne a chosaint ar chiapadh gnéasach agus ar chiapadh ar aon cheann de na naoi bhforas, mar atá inscne lena n-áirítear trasinscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, treoshuíomh gnéasach, reiligiún, aois, míchumas, cine nó ballraíocht den Lucht Siúil.
10. Ghlac an Bord Bainistíochta an beartas seo ar 21ú Meitheamh 2022.
11. Tá an beartas seo ar fáil do phearsanra na scoile, foilsíodh é ar shuíomh Gréasáin na scoile . Cuirfear cóip den bheartas seo ar fáil don Roinn agus do phátrún na scoile má iarrtar é.
12. Athbhreithneoidh an Bord Bainistíochta an beartas agus a fheidhmiú uair amháin i ngach scoilbhliain. Cuirfear fógra scríofa gur athbhreithníodh beartas frithbhulaíochta na scoile ar fáil do phearsanra na scoile, foilseofar é ar shuíomh Gréasáin na scoile agus cuirfear ar fáil é do Chumann na dTuismitheoirí. Cuirfear taifead den athbhreithniú agus a thoradh ar fáil don phátrún agus don Roinn, leis, má iarrtar é.
Sínithe: Siobhán Seoighe Sínithe:Micheál Ó Máille
(Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta) (Príomhoide)
Dáta: 21/06/22 Dáta: 21/06/22
Dáta an chéad athbhreithnithe eile: 2023
Aguisín 1
Cineálacha bulaíochta
Seo a leanas cuid de na cineálacha iompair bhulaíochta a d'fhéadfadh a bheith ann idir dhaltaí:
• Ionsaitheacht fhisiciúil: Áirítear air sin duine a bhrú, a shoncáil, a bhualadh, a chiceáil, a phriocadh nó cor coise a chur ann. Bheadh trom-ionsaí fisiciúil ar áireamh anseo. Is minic a théann daltaí i mbun 'troideanna bréige', ach féadtar úsáid a bhaint astu chun ciapadh fisiciúil a dhéanamh faoi cheilt, sin nó duine a ghortú.
• Imeaglú: Cineál ar leith iompar bulaíochta is ea imeaglú: d'fhéadfadh sé a bheith bunaithe ar chomharthaíocht choirp ionsaitheach ina mbaintear úsáid as an nguth mar arm troda. D'fhéadfadh aghaidh a léiríonn ionsaitheacht agus/nó míghnaoi a bheith ina chúis mhór imní.
• Aonrú/eisiamh agus caidreamh bulaíochta eile: Tarlaíonn bulaíocht den chineál seo nuair a dhéanann cuid den rang nó an rang ar fad duine a aonrú, a eisiamh nó neamhaird a thabhairt air/uirthi d'aon ghnó. Is gnách iompar mar seo a bheith tionscanta ag duine atá ag gabháil d'iompar bulaíochta agus féadann sé a bheith deacair a bhrath. D'fhéadfadh ráitis mhaslacha a bheith á scríobh mar gheall ar an dalta seo in áiteanna poiblí, nó nótaí faoin dalta nó líníochtaí den dalta a bheith á scaipeadh nó í/é a bheith á maslú/mhaslú de chogar ach é a bheith sách ard le go gcloisfí é. Meastar go mbíonn caidreamh bulaíochta ann nuair a dhiúltaítear go leanúnach d'iarrachtaí duine caidreamh a bheith aige/aici le piaraí agus gaol a chothú leo, nó nuair a bhaintear an bonn de na hiarrachtaí sin. Bíonn rialú i gceist i gceann de na cineálacha is coitianta: “Déan seo, siúd nó eile, nó ní bheidh mé cairdiúil leat níos mó" (ráite nó intuigthe); grúpa a bhailíonn le chéile in aghaidh duine amháin (cailín nó buachaill); geáitsíocht neamhbhriathartha, cúlchaint mhailíseach; scéalta a bheith á scaipeadh mar gheall ar dhuine nó cluas bhodhar a bheith á tabhairt ar dhuine.
Cibearbhulaíocht: Tá an cineál seo bulaíochta ag éirí níos coitianta agus ag athrú an t-am ar fad. Is bulaíocht é seo a chuirtear i gcrích trí theicneolaíochtaí eolais agus cumarsáide ar nós téacsteachtaireachtaí, suíomhanna líonra sóisialta, r-phost, cur teachtaireachtaí meandracha, feidhmchláir, suíomhanna cluichíochta, seomraí comhrá agus teicneolaíochtaí eile ar líne. An cineál bulaíochta ar líne is coitianta ná teachtaireachtaí míchuí nó goilliúnacha a dhíriú ar dhuine. De bhrí go n-úsáideann a chibearbhulaíocht modhanna teicneolaíochta chun an t-iompar bulaíochta a choimeád ag imeacht agus nach gá teagmháil duine le duine, féadfaidh an chibearbhulaíocht tarlú uair ar bith (lá nó oíche). Is iomaí cineál bulaíochta is féidir a éascú tríd an gcibearbhulaíocht. Mar shampla, d'fhéadfaí téacsteachtaireachtaí homafóbacha a sheoladh chuig duine nó pictiúir a phostáil mar aon le ráitis dhiúltacha mar gheall ar ghnéasacht duine, cuma duine srl.
• Ainmneacha maslacha a thabhairt ar dhuine: Duine ar bith a thugann ainm maslach, goilliúnach nó náiritheach ar dhuine eile, ba cheart féachaint air sin mar iompar bulaíochta. Is minic a ndéantar tagairt do chuma fhisiciúil duine, m.sh. méid nó éadaí an duine sin, sna hainmneacha seo. D'fhéadfaí aird dhiúltach a dhíriú ar thuin chainte nó ar ghuth so-aitheanta. Is minic cumas acadúil a bheith ina chúis le hainmneacha maslacha: i gcás daoine a mheastar a bheith níos cliste ná mar is gnách agus i gcás daoine a mheastar a bheith níos laige ná mar is gnách.
• Dochar do mhaoin: Is féidir bulaíocht a dhíriú ar mhaoin phearsanta. I gceist ansin bheadh damáiste d'éadaí, d'fhón póca nó do ghléasanna eile, do leabhair scoile agus d'ábhar foghlama eile nó cur isteach ar thaisceadán nó ar rothar an dalta. D'fhéadfaí a bhfuil sa mhála scoile a chaitheamh amach ar an urlár. D'fhéadfaí rudaí pearsanta a bhriseadh, a loit, a ghoid nó a chur i bhfolach.
• Sracadh: D'fhéadfaí airgead a éileamh, faoi bhagairt uaireanta (bagairtí a chomhlíontar uaireanta mura gcuireann an dalta i dtrácht an t-airgead ar fáil nuair a iarrtar é). D'fhéadfaí iallach a chur ar dhalta maoin a ghoid ar son duine eile atá ag gabháil d'iompar bulaíochta.
Aguisín 2 Feachtas Frithbhulaíochta – Achoimre Fhoriomlán
Feachtas Frithbhulaíochta – Ag Láimhseáil Eachtraí/Teagmhas
Aguisín 3 Teimpléad chun Iompar Bulaíochta a Chuntas
Aguisín 4 Seicliosta don Athbhreithniú Bliantúil ar an mbeartas frithbhulaíochta agus a chur i bhfeidhm agus Fógra maidir le hathbhreithniú an Bhoird Bainistíochta ar an mbeartas frithbhulaíochta.
Scoil Bhriocáin
- I gcomhréir le riachtanais an Acht Oideachais (Leas) 2000 agus na dtreoirlínte faoi
- Aithníonn an Bord Bainistíochta Scoil Bhriocain a thromchúisí atá iompar bulaíochta agus a
- Cultúr agus timpeallacht dhearfach a bheith i réim sa scoil:
- ina nglactar go fonnmhar le difríocht agus le héagsúlacht agus ina léirítear meas ar chuimsitheacht;
- ina spreagtar daltaí chun iompar bulaíochta a nochtadh agus a phlé i
- ina gcuirtear caidreamh bunaithe ar mheas chun cinn ar fud phobal na scoile;
Príomhghnéithe den chultúr agus timpeallacht dhearfach atá i réim sa scoil:
- Admhaíonn an scoil an ceart atá ag gach ball de phobal na scoile ar thaitneamh a bhaint as a cuid nó a chuid scolaíochta i dtimpeallacht shlán.
- Admhaíonn an scoil gur duine ann féin é gach duine agus go bhfuil fiúntas leis an uile dhuine.
- Cuireann an scoil nósanna dearfacha chun cinn maidir le féinmheas, féinsmacht agus freagracht i measc phobal na scoile.
- Coisceann an scoil díbliú, iompar maslach, iompar seicteach, iompar ionsaitheach agus teanga ionsaitheach de gach cineál i measc phobal na scoile.
- Tá gealltanas soiléir tugtha ag an scoil an comhionannas a chur chun cinn i gcoitinne agus an comhionannas inscne go háirithe i ngach gné de shaol na scoile.
- Féadann an scoil athrú a dhéanamh más gá chun freastal ar riachtanais daltaí.
- Aithníonn an scoil gnéithe den churaclam trína bhféadfaí tionchar dearfach marthanach a imirt ar dhearcthaí agus ar luachanna daltaí.
- Déanann an scoil cúram ar leith de dhaltaí a d'fhéadfadh a bheith i mbaol agus baintear leas as córais mhonatóireachta chun idirghabháil luath a éascú nuair is gá sin. Freagraíonn sí do riachtanais, d'údair eagla agus imní daoine aonair ar shlí íogair.
- Aithníonn an scoil a thábhachtaí atá sé oibriú i gcomhar le tuismitheoirí agus iad a choimeád ar an eolas faoi na gnásanna atá ann chun dea-chaidreamh a chur chun cinn ar fud na scoile.
- Aithníonn an scoil ról na dtuismitheoirí i dtaca le cabhrú leis na daltaí scileanna éagsúla saoil a shealbhú.
- Aithníonn an scoil ról na ngníomhaireachtaí eile pobail i dtaca le bulaíocht a chosc agus a chomhrac.
- Cuireann an scoil an meas frithpháirteach, an chúirtéis agus feasacht ar a idirspleáiche atá ag daoine i ngrúpaí agus i bpobail chun cinn.
- Cuireann an scoil an fhreagracht shóisialta, an chaoinfhulaingt agus tuiscint ar a chéile chun cinn i measc phobal na scoile sa scoil agus lasmuigh di.
- Tá cúram coláisteach ar fhoireann na scoile, faoi stiúir an Phríomhoide, gníomhú chun iompar bulaíochta/ionsaitheach ó dhuine ar bith de phobal na scoile a chosc.
Leideanna Praiticiúla a mbainfear úsáid astu chun cultúr agus timpeallacht dhearfach scoile a fhorbairt:
- Tabhair dea-shampla d'iompar ina léirítear meas do gach ball de phobal na scoile ag gach tráth.
- Múin do na daltaí go sainráite an teanga agus an iompar a léiríonn meas, an tslí ina gcuirtear in iúl é, an tionchar a bhíonn aige sa seomra ranga agus ar fud na scoile.
- Cuir teachtaireachtaí láidre measa ar taispeáint sa seomra ranga, in áiteanna tionóla agus ar fud na scoile. Bíodh na daltaí bainteach le dréachtú na dteachtaireachtaí.
- Beir orthu agus iad á n-iompar féin i gceart - tabhair aird ar an gcineál iompair atá uait agus mol é nuair a fheiceann tú é.
- Téigh i ngleic ar shlí chomhsheasmhach le haon teanga idirdhealaitheach agus maslach a úsáidtear sa scoil – áirítear air sin teanga homafóbach agus ciníoch agus teanga a dhéanann beag is fiú de dhaltaí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
- Tabhair aiseolas cuiditheach do dhaltaí nuair nach mbíonn iompar agus teanga a léiríonn meas le sonrú uathu.
- Bíodh córas spreagthaí agus luachanna saothair ann chun iompar inmhianaithe a chur chun cinn mar aon le géilliúlacht do rialacha agus do ghnásanna na scoile.
- Tabhair spreagadh do na daltaí chun géilleadh do rialacha na scoile maidir le húsáid fón póca agus an Idirlín. Déan obair leantach le daltaí nach dtugann aird ar na rialacha, m.sh conradh meáin sóisialta scoile.
- Tabhair ról gníomhach do thuismitheoirí i bhfeachtais chun feasacht mar gheall ar mheáin shóisialta a mhúscailt. Molaimid gan daltaí Bunscoile a ligean ar shuíomhanna méain sóisialta . Má cheadaíonn tuistí a leithid go mbeadh na cuntais príobháideach nuair a bhíonn meáin shóisialta in úsáid acu e.g. aipeanna, Instagram, Snapchat etc.Ba chóir go mbeadh páiste 13 bliain d’aois sula mbíonn siad ag baint usáid as Snapchat .
- Molaimid do thuismitheoirí:
(b) A chinntiú go bhfuil na cuntais príobháideach
(c) Maoirseacht a dhéanamh ar úsáid na meán sóisialta
(d) A chinntiú nach mbíonn fóin, ríomhairí glúine, etc. sa seomra codlata istoíche
- Leag béim ar an gceart atá ag gach duine i bpobal na scoile ar a bheith slán sábháilte sa scoil.
- Múin rialacha na scoile go sainráite sa seomra ranga agus in áiteanna tionóla i dteanga a thuigfidh na daltaí, agus cuir béim ar na rialacha sin.
- Féadann gach ball foirne a bheith san airdeall chun aon iompar bulaíochta a thabhairt faoi deara.
- Cinntigh go bhfuil dóthain maoirseachta sa chlós agus lasmuigh den scoil.
- Féadann foireann na scoile comhairle a fháil ó na daltaí faoi na háiteanna is mó ina dtarlaíonn bulaíocht agus faoi na hamanna ag a dtarlaíonn sé.
- Is gnách do na háiteanna is mó ina dtarlaíonn bulaíocht a bheith sa chlós agus lasmuigh den scoil, i seomraí gléasta, i ndorchlaí agus in áiteanna eile inar beag maoirseacht a dhéantar.
- Is gnách bulaíocht a bheith coitianta nuair nach mbíonn maoirseacht struchtúrtha ann, mar shampla nuair a bhíonn daltaí sa chlós nó ag athrú seomraí ranga.
- Tacaigh le bunú comhairlí scoile agus lena gcuid oibre.
(b) Ceannaireacht éifeachtach;
(c) Cur chuige scoile uile;
(d) Tuiscint i bpáirt faoin rud is bulaíocht ann agus faoin tionchar is féidir a bheith aige
(e) Feidhmiú straitéisí oideachais agus coiscthe (lena n-áirítear bearta chun feasacht a mhúscailt)
- a chothaíonn ionbhá, meas agus athléimneacht sna daltaí; agus
- ina dtéitear i ngleic go sainráite le cibearbhulaíocht agus le bulaíocht bunaithe ar aitheantas, lena n-áirítear bulaíocht homafóbach agus trasfóbach;
- Maoirseacht agus monatóireacht éifeachtach ar dhaltaí
- Tacaíochtaí don fhoireann
- Teagmhais bhulaíochta a thaifeadadh agus a imscrúdú ar shlí chomhsheasmhach agus obair leantach a dhéanamh ina dtaobh (lena áirítear straitéisí aitheanta idirghabhála a úsáid); agus
- Meastóireacht leanúnach ar a éifeachtaí atá an beartas frithbhulaíochta.
3. I gcomhréir le Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile seo é an sainmhíniú
ar bhulaíocht:
An rud a thuigtear le bulaíocht ná iompar diúltach neamhiarrtha, bíodh sé i bhfoirm iompar briathartha, síceolaíoch nó fisiciúil, a dhéanann duine aonair nó grúpa in aghaidh duine nó daoine eile, agus a dhéantar arís agus arís eile. (‘Cuimhnigh ionas gur bulaíocht atá i gceist, caithfidh an t-iompar a dhéanamh d’aon turas, a bheith urchóideach agus déantar é arís is arís’)
Áirítear na cineálacha iompair bhulaíochta seo a leanas ar an sainmhíniú ar bhulaíocht:
- duine a fhágáil as an áireamh d'aon ghnó, gabháil do chúlchaint mhailíseach agus do
- cibearbhulaíocht; agus
- bulaíocht bunaithe ar aitheantas, ar nós bulaíocht homafóbach, bulaíocht chiníoch,
nó ar dhuine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais aici/aige.
Ní chuimsíonn an sainmhíniú seo ar bhulaíocht teagmhais aonraithe nó teagmhais aon uaire d'iompar diúltach d'aon turas, lena n-áirítear téacsteachtaireacht mhaslach nó goilliúnach aon uaire nó teachtaireachtaí príobháideacha eile agus ba cheart déileáil leo, mar is cuí, de réir chód iompair na scoile.
Ach, i bhfianaise an bheartais seo, féachfar ar theachtaireacht, íomhá nó ráiteas poiblí goilliúnach aon uaire ar shuíomh Gréasáin líonra poiblí nó ar fhóram poiblí eile ar féidir an teachtaireacht, an íomhá nó an ráiteas sin a fheiceáil air agus/nó a bheith athráite ag daoine eile mar iompar bulaíochta.
Iompar diúltach nach n-áirítear sa sainmhíniú seo ar bhulaíocht, déileálfar leis de réir chód iompair na scoile.
Samplaí d'Iompraíochtaí Bulaíochta
Iompraíochtaí a bhaineann le gach saghas bulaíocht
- Ciapadh bunaithe ar cheann ar bith de na naoi bhforas sa reachtaíocht comhionannais e.g. ciapadh gnéasach, bulaíocht homafóbach, bulaíocht chiníoch, etc.
- Forrántacht fhisiciúil
- Damáiste do mhaoin
- Leasainmneacha a ghlaoch
- Cleithmhagadh
- Pictiúir, focail i scríbhinn, nó ábhar eile a tháirgeadh, a thaispeáint nó a scaipeadh atá dírithe ar dhuine eile a imeaglú
- Graifítí maslach
- Sracadh (extortion)
- Imeaglú
- Gothaí maslaitheacha nó gáirsiúla
- 'Amharc' faoi leith
- Cur isteach ar spás pearsanta
- Meascán de na cinn a luaitear.
Cibearbhulaíocht
- Tromaíocht: Ráflaí, bréaga nó biadán a scaipeadh chun dochar a dhéanamh do cháil duine eile
- Ciapadh: Teachtaireachtaí oilc, suaracha nó gáirsiúla a sheoladh chuig duine go leanúnach
- Pearsanú: Teachtaireachtaí maslaitheacha nó forrántacha a phostáil faoi ainm duine eile
- Gríosadh: Úsáid a bhaint as focail gháirsiúla nó ghríosaitheacha chun troid ar líne a spreagadh
- Cleasaíocht: Dallamullóg a chur ar dhuine eolas pearsanta a roinnt agus an t-eolas sin a úsáid ar líne ina dhiaidh sin
- Sceitheadh: Eolas nó íomhánna rúnda a phostáil nó a roinnt
- Leithcheal: Leithcheal a dhéanamh ar dhuine ó ghrúpa ar líne d'aon ghnó
- Cibear-stalcaireacht: Ciapadh agus tromaíocht leanúnach a fhágann go mbíonn eagla a b(h)eatha/a s(h)ábháilteachta ar duine
- Glao tostach gutháin/gutháin phóca
- Glao maslach gutháin/gutháin phóca
- Teachtaireacht téacs mhaslach
- Teachtaireacht ríomhphoist mhaslach
- Cumarsáid mhaslach ar líonraí sóisialta e.g. Facebook/Ask.fm/ Twitter/You Tube nó ar chonsóil chluichí
- Ráitis/Blaganna/Pictiúir mhaslacha idirlín
- Postálacha maslacha ar cineál ar bith teicneolaíochta cumarsáide
Iompraíochtaí bunaithe ar Aitheantas
Lena n-áirítear aon cheann de na naoi bhforas idirdhealúcháin a luaitear sa Reachtaíocht um Chomhionannas (inscne lena n-áirítear trasinscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, claonadh gnéasach, reiligiún, aois, míchumas, cine agus toisc gur den Lucht Taistil iad).
Homafóbach agus Trasinscne
- Ráflaí a scaipeadh faoi chlaonadh gnéasach duine
- Tathant ar dhuine a bhfuil claonadh gnéasach difriúil aige/aici
- Leasainmneacha a ghlaoch, e.g. aerach, casta, lúbtha, a úsáidtear chun caitheamh anuas ar dhuine
- Imeaglú fisiciúil nó ionsaí
- Bagairtí
Cine, náisiúntacht, cúlra eitneach agus ballraíocht de phobal an Lucht Taistil
- Idirdhealú, réamhchlaonadh, ráitis nó maslaí a bhaineann le cine, náisiúntacht, cultúr, aicme shóisialta, creideamh, cúlra, eitneach nó an Lucht Taistil
- Leithcheal de bhun aon cheann acu seo thuas
Caidreamhach
Is éard atá i gceist anseo caidrimh a mhí-ionramháil mar bhealach chun bulaíocht a dhéanamh. Ar na hiompraíochtaí tá:
- Biadán maslach
- Leithcheal agus aonrú
- Neamhaird
- Leithcheal ó ghrúpa
- Cairde a bhaint de dhuine
- 'Bitseáil'
- Ráflaí a scaipeadh
- Rún a sceitheadh
- Caint sách ard le go gcloisfeadh an t-íobartach í
- 'Amharc' faoi Leith
- ‘nerd’ a úsáid le cur isteach ar dhuine.
Gnéasach
- Ráitis nó tadhall gnéasach míchuí nó gan choinne
- Ciapadh
Riachtanais Speisialta Oideachais,
Míchumas
- Leasainmneacha a ghlaoch
- Tathant ar dhaoine eile mar gheall ar a míchumas nó riachtanais foghlama
- Teacht i dtír ar leochaileachtaí daltaí eile agus ar a gcumas teoranta bulaíocht a aithint agus iad féin a chosaint
- Teacht i dtír ar leochaileachtaí daltaí eile agus ar a gcumas teoranta cúinsí sóisialta agus leideanna sóisialta a aithint agus iad féin a chosaint.
- Aithris a dhéanamh ar mhíchumas duine eile
- Ceap magaidh a dhéanamh de dhaoine eile
Gheofar eolas breise ar na cineálacha éagsúla bulaíochta i Roinn 2 de na Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile agus tá sé le feiceáil sa doiciméad seo mar Aguisín 1.
- Seo a leanas an múinteoir/na múinteoirí ábhartha a dhéanfaidh bulaíocht a imscrúdú agus a
- An múinteoir(í) ranga ar dtús báire
- An Príomhoide agus/nó an Leas-Phríomhoide más gá
5. Seo a leanas na Straitéisí Oideachais agus Coiscthe a bheidh in úsáid sa scoil:
Cur chuige na scoile ina hiomláine
- Cur chuige na scoile ina hiomláine chun meas ar gach ball de phobal na scoile a chothú.
- Luach na héagsúlachta a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar dhearcthaí claonta agus chun aird a tharraingt ar a dho-ghlactha is atá iompraíocht bhulaíochta.
- Féinmheas a chothú agus a fheabhsú i measc na ndaltaí uile trí ghníomhaíochtaí curaclaim agus seach-churaclaim araon. Tabharfar deiseanna do dhaltaí féinmheas dearfach a fhorbairt trí idirghníomhaíochtaí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla.
- Forbairt ghairme don fhoireann go léir i dtaca leis an mbulaíocht d'fhonn a chinntiú go mbeidh tuiscint ag an bhfoireann ar fad ar cad is bulaíocht ann, ar an gcaoi a dtéann sí i bhfeidhm ar shaol na ndaltaí agus ar an ngá a bhíonn ann freagairt di agus i a chosc.
- Athbhreithniú bliantúil ar riachtanais CPD na múinteoirí, le eolas a bhailiú faoi na scileanna agus an taithí atá ag múinteoirí na scoile.
- Forbairt ghairme le fócas faoi leith ar oiliúint a chur ar na múinteoirí ábhartha.
- Feachtas feasachta agus oiliúna don scoil ina hiomláine i dtaca le gach gné den bhulaíocht, lena n-áirítear, tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) agus pobal níos leithne na scoile.
- Maoirseacht agus monatóireacht ar sheomraí ranga, ar thalamh na scoile, ar thurasanna scoile agus ar ghníomhaíochtaí seach-churaclaim. Tabharfar ar bhaill foirne nach mbíonn ag teagasc agus ar bhaill eile a bheith san airdeall agus eachtraí a chur in iúl do na múinteoirí ábhartha. Beidh maoirseacht i gceist leis i dtaca leis an úsáid a bhaineann daltaí as teicneolaíocht cumarsáide sa scoil.
- Beidh an beartas frithbhulaíochta thuas ar shuíomh gréasáin na scoile againn freisin.
- Cultúr insinte a spreagadh, agus béim faoi leith ar thábhacht na bhfinnéithe. Ar an gcaoi sin beidh muinín ag daltaí as a bheith ag insint. Tá gné seo na muiníne ríthábhachtach. Ba chóir a chur in iúl go soiléir do gach dalta agus iad ag tuairisciú eachtraí bulaíochta nach ag insint ná ag sceitheadh atá siad ach ag gníomhú go freagrach.
- Deimhin a dhéanamh de go mbeidh a fhios ag daltaí cé dó ba chóir dóibh a insint agus conas é a dhéanamh ( Beidh na nithe tábhachtach seo pléite leis an rang le linn leagan amach rialacha ranga na bliana agus déantar áird na ngasúir a tharraingt orthu go leanúnach) .m.sh
- Dul caol díreach chuig múinteoir ag am feiliúnach, mar shampla tar éis ranga.
- Nóta a thabhairt isteach leis an obair bhaile.
- Glaoch gutháin a chur ar an scoil nó ar mhúinteoir sa scoil a bhfuiltear muiníneach as/aisti.
- Tabhairt ar thuismitheoir(í)/ar chaomhnóir(í) nó ar chara insint.
- Deimhin a dhéanamh de go dtuigeann finnéithe an tábhacht a bhaineann lena bhfeiceann siad nó lena bhfuil ar eolas acu faoin mbulaíocht atá ar bun a insint.
- Prótacail shoiléire a shonrú chun tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) a spreagadh dul chun na scoile más dóigh leo go bhfuil bulaíocht á déanamh ar a leanbh. Ba chóir an prótacal a chur le chéile i gcomhar le tuismitheoirí.
- Beartas um Úsáid Inghlactha a chur le chéile sa scoil lena n-áirítear na céimeanna cuí chun deimhin a dhéanamh de go ndéantar monatóireacht dhian ar úsáid na teicneolaíochta sa scoil, cuir i gcás úsáid a bhaint as gutháin phóca.
- Oideachas a chur ar dhaltaí ar iompar iomchuí ar líne, conas a bheith sábháilte ar líne eg. Webwise.
Curaclaim a chur i ngníomh:
- Cur i ngníomh ar fud na scoile ar cheachtanna maidir le bulaíocht ó chláir fianaise-bhunaithe e.g. an Clár Bí Sábháilte, An Clár Misneach, uirlisí feasachta Frithbhulaíochta do Ranganna Naíonáin-Rang 6 & Fillteán ABC agus Feachtas Frithbhulaíochta ( Anti-Bullying Campaign) do ranganna 3 -6.
- An Curaclam OSPS a chur i bhfeidhm ina bhfuil forálacha sonracha chun iniúchadh a dhéanamh ar bhulaíocht mar aon leis na réimsí a bhaineann le muintearas agus comhtháthú, cumarsáid, coimhlint, cairdeas, sábháilteacht phearsanta agus caidrimh a bhfuil ceangal eatarthu.
- Na cláir Bí Sábháilte agus OCG a chur i bhfeidhm ar cláir scileanna i sábháilteacht phearsanta iad ina bhféachtar le scileanna féinchosanta na leanaí a fheabhsú lena n-áirítear a gcumas bulaíocht a aithint agus déileáil leis. Is féidir le cláir oideachais sóisialta, sláinte agus meán eile cuidiú freisin chun dul i ngleic le fadhb na bulaíochta eg acmhainní i gcomhair feachtais frithbhulaíochta.
- Ceachtanna a sheachadadh ar Fhorrántacht Chaidreamhach (Cool School Programme: A Friend in Deed), ar an gCibearbhulaíocht (Be Safe-Be Web wise, Web wise Primary teachers’ resources), ar an Éagsúlacht agus an Idirchultúrachas.
- Leathnófar an obair isteach i gcuid mhaith réimsí cosúil le Ealaín, Drámaíocht, Oideachas Reiligiúnach agus Corpoideachas. Is féidir comhoibriú agus fiontraíocht ghrúpa a chur chun cinn trí spórt foirne, clubanna scoile agus cumainn agus trí ábhair phraiticiúla freisin.
- Tá gníomhaíochtaí spóirt go háirithe in ann deiseanna den scoth a thabhairt chun iompar ionsaitheach a léiriú agus foghlaim conas é a chur faoi smacht.
- Féachfaidh an scoil, go háirithe, i leith riachtanais bhreise na ndaltaí SEN maidir le cláir a chur i bhfeidhm agus scileanna agus straitéisí a fhorbairt a chuirfeadh ar chumas gach dalta freagairt go cuí.
- Cuirfidh an scoil an chomhairle in “Comhairle maidir le Claonadh Gnéis do scoileanna” (An Roinn Oideachais agus Scileanna, féach leabhrán).
Naisc le beartais eile
- Beartais, cleachtais agus gníomhaíochtaí scoile a bhaineann leis an mbulaíocht, e.g. Cód Iompraíochta, Beartas Cosanta Leanaí, Maoirseacht daltaí, Beartas um Úsáid Inghlactha, Tinreamh, Gníomhaíochtaí Spóirt, Cosaint Sonraí.
6. Seo a leanas nósanna imeachta na scoile chun iompar bulaíochta a imscrúdú, chun obair leantach a dhéanamh ina dtaobh agus chun iompar bulaíochta a thaifeadadh mar aon leis na straitéisí idirghabhála bunaithe a úsáidfidh an scoil chun déileáil le cásanna d'iompar bulaíochta:
Is é an phríomhaidhm a bhaineann le bulaíocht a fhiosrú agus a láimhseáil ná ceisteanna a réiteach agus an caidreamh idir na páirtithe a shlánú, a oiread agus is féidir (seachas milleán a leagan ar dhuine);
Ní mór do ghnásanna na scoile cloí leis an gcur chuige seo a leanas.
Déanfar gach iarracht a chinntiú go dtuigfidh gach duine atá rannpháirteach (daltaí, tuismitheoirí/caomhnóirí san áireamh) an cur chuige sin ón tús.
Iompraíocht Bhulaíochta a Thuairisciú:
- Féadfaidh dalta nó tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) ar bith eachtra bhulaíochta a chur in iúl do mhúinteoir ar bith sa scoil.
- Fiosróidh agus láimhseálfaidh an múinteoir ábhartha gach tuairisc maidir le bulaíochta, ina measc tuairiscí anaithnide.
- Ní mór do bhaill foirne teagaisc agus neamhtheagaisc, cuir i gcás rúnaithe, cúntóirí riachtanas speisialta (SNA), airígh, glantóirí aon eachtraí d'iompraíocht bhulaíochta a fheiceann siad nó a luaitear leo a chur in iúl don mhúinteoir ábhartha.
Eachtraí a Fhiosrú agus a Láimhseáil: Stíl an Chuir Chuige:
- Agus é/í ag fiosrú agus ag láimhseáil na bulaíochta, tabharfaidh an múinteoir (ábhartha ) a b(h)reithiúnas gairmiúil féin féachaint ar tharla bulaíocht nó nár tharla agus conas is fearr an cás a réiteach;
- Éilítear ar thuismitheoirí/ar chaomhnóirí agus ar dhaltaí comhoibriú le cibé fiosrú a dhéanfar agus cuidiú leis an scoil ceist ar bith a thiocfadh aníos a réiteach agus an caidreamh idir na páirtithe a shlánú, a oiread agus is féidir, a thúisce agus is féidir;
- Ba chóir do mhúinteoirí cur chuige fionnuar neamh-mhothúchánach réitithe fadhbanna a ghlacadh.
- Ba chóir eachtraí a láimhseáil, a oiread agus is féidir, lasmuigh den seomra ranga d'fhonn príobháid gach rannpháirtí a chinntiú;
- Ba chóir gach agallamh a dhéanamh chomh híogair agus is féidir agus cearta na ndaltaí á nglacadh san áireamh. Is féidir le daltaí nach bhfuil baint dhíreach acu leis an gcás eolas úsáideach a chur ar fáil mar seo a leanas:
- Agus eachtraí d'iompraíocht bhulaíochta á n-anailísiú, ba chóir don mhúinteoir ábhartha iarracht a dhéanamh na ceisteanna cén rud, cén áit, cén duine, agus cén fáth a fhreagairt. Ba chóir é sin a dhéanamh go deas suaimhneach, agus sampla á thabhairt den chaoi ar chóir déileáil le coinbhleacht gan dul i muinín na forrántachta.
- Sa chás go gcinneann an múinteoir ábhartha go raibh iompraíocht bhulaíochta ar bun ag an dalta, ba chóir a chur in iúl go soiléir dó/di an sárú a rinne sé/sí ar bheartas frithbhulaíochta na scoile agus ba chóir iarracht a dhéanamh tabhairt air/uirthi an cás a fheiceáil ó dhearcadh an dalta a d'fhulaing an bhulaíocht;
- I gcásanna go gcinneann an múinteoir ábhartha gur tharla iompraíocht bhulaíochta, ba chóir teagmháil a dhéanamh le tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) na bpáirtithe i Naíonáin Bheaga, Naíonáin Mhóra, Rang 1 agus 2 go luath d'fhonn an tarlúint a chur in iúl dóibh agus míniú a thabhairt ar na gníomhartha a bheifear a dhéanamh (agus tagairt á déanamh do bheartas na scoile). Rachfar i dteagmháil le tuismitheoirí tar éis an chéad ghealltanas a bhriseadh i rang 3-6, feachtas frithbhulaíochta. Ba chóir don scoil deis a thabhairt do thuismitheoirí/do chaomhnóirí plé a dhéanamh ar na bealaí lenar féidir leo tacú leis na gníomhartha atá an scoil a dhéanamh agus leis na tacaí atáthar a chur ar fáil do dhaltaí;
- Ní mór a chur in iúl go soiléir do gach rannpháirtí (gach tacar daltaí agus múinteoirí/caomhnóirí) i gcás ar bith a gcaitear smachtbhannaí araíonachta a chur i bhfeidhm gur ceist phríobháideach atá ann idir an dalta a bheidh faoi smachtbhanna, a t(h)uismitheoir(í)/c(h)aomhnóirí agus an scoil;
Gníomh leantach agus cuntas
- Agus cinneadh á dhéanamh ar déileáladh go cuí agus go leordhóthanach leis an gcás bulaíochta, ní mór don mhúinteoir ábhartha, agus breithiúnas gairmiúil á thabhairt aige/aici, na cúinsí seo a leanas a ghlacadh san áireamh:
- An bhfuil ceisteanna idir na páirtithe réitithe, a oiread agus is féidir;
- An bhfuil caidreamh idir na páirtithe slánaithe, a oiread agus is féidir;
- Aiseolas ar bith a fuarthas ó na páirtithe rannpháirteacha, óna dtuismitheoir(í)/a gcaomhnóir(í) nó ó phríomhoide nó leas-phríomhoide na scoile
- Ba chóir cruinnithe leantacha ar leithligh a shocrú leis na páirtithe leasmhara féachaint an bhféadfaí iad a thabhairt le chéile tráth níos déanaí má bhíonn an dalta a d'fhulaing an bhulaíocht réidh agus toilteanach.
- I gcás nach mbíonn tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) sásta gur dhéileáil an scoil leis an gcás bulaíochta de réir na ngnásanna seo, ní mór gnáthaimh ghearáin na scoile a chur in iúl do na tuismitheoir(í)/caomhnóir(í), mar is cuí.
- I gcás gur bhain an/na tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) leas as gnáthaimh ghearáin na scoile agus nach bhfuiltear sásta fós, ní mór don scoil a chur in dóibh go bhfuil an cheart acu gearán a dhéanamh leis an Ombudsman do Dhaltaí.
Iompraíocht Bhulaíochta a chuntas
Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí gach eachtra de bhulaíocht a chuntas ar bhealach oibiachtúil agus fíorasach.
Seo a leanas gnásanna na scoile maidir le hiompraíocht bhulaíochta a chuntas agus a thuairisciú:
Réamhdhearbhú neamhfhoirmiúil gur tharla bulaíocht
- Ní mór do gach ball foirne cuntas i scríbhinn a choinneáil d’ eachtraí a fheiceann siad nó a chuirtear in iúl dóibh ar leabhar Tuairiscithe Teagmhais. Ní mór an leabhar sin a choimeád faoi ghlas agus tabharfar iad don chéad mhúinteoir eile. Ní mór gach eachtra a thuairisciú don mhúinteoir ábhartha .
- Cé nár mhór don mhúinteoir ábhartha gach tuairisc, lena n-áirítear tuairiscí anaithnide, de bhulaíocht a fhiosrú agus a láimhseáil, ní mór don mhúinteoir ábhartha cuntas i scríbhinn a choinneáil ar na tuairiscí, ar na gníomhartha a glacadh agus ar aon phlé a rinneadh leis na rannpháirtithe
- Ní mór don mhúinteoir ábhartha gach eachtra atáthar a fhiosrú a chur in iúl don phríomhoide gan na leanaí a ainmniú ag céim 1 den fheachtas frithbhulaíochta (rang 3-6). Ainmneofar na leanaí má bhristear an chéad ghealltanas
- Ní mór don mhúinteoir ábhartha an Príomhoide a chur ar an eolas faoi gach eachtra atáthar a fhiosrú sna Naíonáin Bheaga – Rang 2.
Céim Fhoirmiúil - 1 Dearbhú gur tharla bulaíocht
- Má dhearbhaíonn an múinteoir ábhartha gur tharla bulaíocht, ní mór don mhúinteoir cuntas cuí i scríbhinn a choinneáil a chuideoidh leis/léi na ceisteanna a réiteach agus na caidrimh a shlánú, a oiread agus is féidir, idir na páirtithe leasmhara.
Céim Fhoirmiúil - 2 Aguisín 3 (Ó Ghnásanna Foirmiúla na Roinne Oideachais agus Scileanna)
- Ní mór don mhúinteoir ábhartha an teimpléad cuí in Aguisín 3 a úsáid chun an iompraíocht bhulaíochta a chuntas sna cúinsí seo a leanas:
a) i gcásanna gur dóigh leis/léi nár déileáladh go cuí ná go leordhóthanach leis an iompraíocht bhulaíochta laistigh de 20 lá scoile tar éis dó/di a chinneadh gur tharla iompraíocht bhulaíochta; agus
b) Sa chás gur chinn an scoil mar chuid dá beartas frithbhulaíochta nár mhór, i gcúinsí áirithe, an iompraíocht bhulaíochta a chuntas agus a thuairisciú láithreach bonn don Phríomhoide nó don Leas-Phríomhoide de réir mar is cuí e.g Eachtraí a mheastar atá sách tromchúiseach chun iad a thuairisciú do na Gardaí.
Nuair a bhaintear úsáid as an teimpléad cuntais, ní mór don mhúinteoir ábhartha é a choinneáil agus ní mór don phríomhoide cóip de a choinneáil. Ní mór na cuntais a choimeád faoi ghlas.
Is foinse sonraí áisiúil a bheidh éasca a rochtain i dtaca le hiompar bulaíochta ar scoil é an teimpléad in Aguisín 3 chun bulaíocht a chuntas agus a thuairisciú do Phríomhoide nó do Leas-Phríomhoide na scoile. Ní mór na sonraí a bhailítear ó na tuairiscí sin a chur le chéile agus a anailísiú go rialta (uair amháin ar a laghad i ngach scoilbhliain) ag féachaint le leibhéil iompraíochta bulaíochta a fhaire agus aon cheisteanna ar leith a dteastaíonn aird uathu nó aon treochtaí suntasacha in iompar. Ní mór cuntas a choimeád den anailís sin agus é a chur ar fáil don Bhord Bainistíochta. Caithfear aon fhreagraí cuí ar aon cheisteanna a aithnítear a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm.
Beidh cur i bhfeidhm agus éifeachtacht an bheartais frithbhulaíochta a chur san áireamh mar mhír chlár oibre do chruinnithe foirne d’fhonn a chinntiú gur féidir aon imní faoin mbeartas nó faoi leas aon daltaí aonair a roinnt agus gur féidir dul i ngleic leo go héifeachtach.
Tuairiscí achoimre tréimhsiúla don Bhord Bainistíochta
Ag gach cruinniú Bord Bainistíochta, uair amháin ar a laghad i ngach téarma scoile, tabharfaidh an Príomhoide tuairisc don Bhord Bainistíochta ina leagfar amach:
- Líon foriomlán na gcásanna bulaíochta a tuairiscíodh (ag úsáid an teimpléid tuairiscithe bulaíochta in Aguisín 3) ó tugadh an tuairisc roimhe sin don Bhord agus
- Deimhniú go bhfuil na cásanna uile dá dtagraítear ag (i) thuas réitithe nó á réiteach de réir bheartas frithbhulaíochta na scoile agus na nGnásanna Frithbhulaíochta do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna.
Athbhreithniú Bliantúil ag an mBord Bainistíochta
Déanfaidh an Bord Bainistíochta athbhreithniú bliantúil ar bheartas frithbhulaíochta na scoile agus an chaoi a bhfuil an scoil ag cur an bheartais i bhfeidhm.
Úsáidfear seicliosta caighdeánach chun an t-athbhreithniú a dhéanamh agus tá sé ar fáil in Aguisín 4. Cuirfidh an scoil plean gníomhaíochta i bhfeidhm chun dul i ngleic le haon réimsí feabhais a aithníodh san athbhreithniú.
Cuirfear fógra i scríbhinn gur cuireadh an t-athbhreithniú i gcrích ar fáil d’fhoireann na scoile, foilseofar é ar shuíomh gréasáin na scoile agus cuirfear ar fáil é do Chumann na dTuismitheoirí. Tá fógra caighdeánach a úsáidfear chun na críche sin áirithe in Aguisín 4. Cuirfear cuntas den athbhreithniú agus dá thorthaí ar fáil, ach iad a iarraidh, don phátrún agus don Roinn.
Straitéisí Idirghabhála Seanbhunaithe
- Agallaimh idir an múinteoir agus gach dalta
- Comhaontuithe idir daltaí a idirbheartú agus iad a leanúint trí mhonatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn. Is féidir é seo a dhéanamh ar bhealach neamhfhoirmiúil nó a chur i bhfeidhm trí phróiseas idirghabhála níos struchtúrtha
- Oibriú le tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) chun tacú le hidirghabhálacha scoile
- Cuir chuige Gan Milleán – feachtas frithbhulaíochta
- Am Ciorcail
- Agallaimh Athshlánúcháin
- Suirbhéanna a chur i bhfeidhm
- Athstruchtúrú bliantúil ar ranganna ag deireadh na bliana > rang Naíonáin Bheaga , Rang 2 & Rang 4.
7. Seo a leanas Clár Tacaíochta na Scoile chun oibriú le daltaí a ndearnadh bulaíocht orthu:
- Cuirfear gach tacaíocht agus deis in-scoile ar fáil do dhaltaí a fhulaingíonn an bhulaíocht chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a leagtar amach chun a bhféinmhuinín a mhéadú, cairdeas agus scileanna sóisialta a fhorbairt agus seasmhacht a láidriú, e.g.
- Obair i ngrúpaí, cuir i gcás am ciorcail
-Monatóireacht múinteoirí
-Suirbhéanna ranga
- Má bhíonn comhairleoireacht nó tacaí breise de dhíth ar dhaltaí, oibreoidh an scoil lena dtuismitheoirí chun iad a atreorú chuig na gníomhaireachtaí seachtracha cuí ionas go bhfaighidh siad tuilleadh tacaíochta do na daltaí agus dá dteaghlaigh más gá. D'fhéadfadh sé gur don daltaí a fhulaingíonn an bhulaíocht nó a bhíonn i mbun na hiompraíochta bulaíochta é sin.
- Ba chóir do dhaltaí a thuiscint nach mbíonn aon fhinnéithe gan locht ann agus gur chóir gach iompraíocht bhulaíochta a chur in iúl do mhúinteoir.
8. Maoirseacht agus Monatóireacht Éifeachtach ar Dhaltaí
Deimhníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil cleachtais agus beartais chuí mhaoirseachta agus monatóireachta i bhfeidhm chun iompar bulaíochta a chosc agus chun déileáil leis agus chun idirghabháil luath a éascú más féidir.
9. An Ciapadh a Chosc
Deimhníonn an Bord Bainistíochta go ndéanfaidh an scoil, de réir a oibleagáidí faoin reachtaíocht chomhionannais, gach beart is indéanta go praiticiúil chun daltaí agus baill foirne a chosaint ar chiapadh gnéasach agus ar chiapadh ar aon cheann de na naoi bhforas, mar atá inscne lena n-áirítear trasinscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, treoshuíomh gnéasach, reiligiún, aois, míchumas, cine nó ballraíocht den Lucht Siúil.
10. Ghlac an Bord Bainistíochta an beartas seo ar 21ú Meitheamh 2022.
11. Tá an beartas seo ar fáil do phearsanra na scoile, foilsíodh é ar shuíomh Gréasáin na scoile . Cuirfear cóip den bheartas seo ar fáil don Roinn agus do phátrún na scoile má iarrtar é.
12. Athbhreithneoidh an Bord Bainistíochta an beartas agus a fheidhmiú uair amháin i ngach scoilbhliain. Cuirfear fógra scríofa gur athbhreithníodh beartas frithbhulaíochta na scoile ar fáil do phearsanra na scoile, foilseofar é ar shuíomh Gréasáin na scoile agus cuirfear ar fáil é do Chumann na dTuismitheoirí. Cuirfear taifead den athbhreithniú agus a thoradh ar fáil don phátrún agus don Roinn, leis, má iarrtar é.
Sínithe: Siobhán Seoighe Sínithe:Micheál Ó Máille
(Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta) (Príomhoide)
Dáta: 21/06/22 Dáta: 21/06/22
Dáta an chéad athbhreithnithe eile: 2023
Aguisín 1
Cineálacha bulaíochta
Seo a leanas cuid de na cineálacha iompair bhulaíochta a d'fhéadfadh a bheith ann idir dhaltaí:
• Ionsaitheacht fhisiciúil: Áirítear air sin duine a bhrú, a shoncáil, a bhualadh, a chiceáil, a phriocadh nó cor coise a chur ann. Bheadh trom-ionsaí fisiciúil ar áireamh anseo. Is minic a théann daltaí i mbun 'troideanna bréige', ach féadtar úsáid a bhaint astu chun ciapadh fisiciúil a dhéanamh faoi cheilt, sin nó duine a ghortú.
• Imeaglú: Cineál ar leith iompar bulaíochta is ea imeaglú: d'fhéadfadh sé a bheith bunaithe ar chomharthaíocht choirp ionsaitheach ina mbaintear úsáid as an nguth mar arm troda. D'fhéadfadh aghaidh a léiríonn ionsaitheacht agus/nó míghnaoi a bheith ina chúis mhór imní.
• Aonrú/eisiamh agus caidreamh bulaíochta eile: Tarlaíonn bulaíocht den chineál seo nuair a dhéanann cuid den rang nó an rang ar fad duine a aonrú, a eisiamh nó neamhaird a thabhairt air/uirthi d'aon ghnó. Is gnách iompar mar seo a bheith tionscanta ag duine atá ag gabháil d'iompar bulaíochta agus féadann sé a bheith deacair a bhrath. D'fhéadfadh ráitis mhaslacha a bheith á scríobh mar gheall ar an dalta seo in áiteanna poiblí, nó nótaí faoin dalta nó líníochtaí den dalta a bheith á scaipeadh nó í/é a bheith á maslú/mhaslú de chogar ach é a bheith sách ard le go gcloisfí é. Meastar go mbíonn caidreamh bulaíochta ann nuair a dhiúltaítear go leanúnach d'iarrachtaí duine caidreamh a bheith aige/aici le piaraí agus gaol a chothú leo, nó nuair a bhaintear an bonn de na hiarrachtaí sin. Bíonn rialú i gceist i gceann de na cineálacha is coitianta: “Déan seo, siúd nó eile, nó ní bheidh mé cairdiúil leat níos mó" (ráite nó intuigthe); grúpa a bhailíonn le chéile in aghaidh duine amháin (cailín nó buachaill); geáitsíocht neamhbhriathartha, cúlchaint mhailíseach; scéalta a bheith á scaipeadh mar gheall ar dhuine nó cluas bhodhar a bheith á tabhairt ar dhuine.
Cibearbhulaíocht: Tá an cineál seo bulaíochta ag éirí níos coitianta agus ag athrú an t-am ar fad. Is bulaíocht é seo a chuirtear i gcrích trí theicneolaíochtaí eolais agus cumarsáide ar nós téacsteachtaireachtaí, suíomhanna líonra sóisialta, r-phost, cur teachtaireachtaí meandracha, feidhmchláir, suíomhanna cluichíochta, seomraí comhrá agus teicneolaíochtaí eile ar líne. An cineál bulaíochta ar líne is coitianta ná teachtaireachtaí míchuí nó goilliúnacha a dhíriú ar dhuine. De bhrí go n-úsáideann a chibearbhulaíocht modhanna teicneolaíochta chun an t-iompar bulaíochta a choimeád ag imeacht agus nach gá teagmháil duine le duine, féadfaidh an chibearbhulaíocht tarlú uair ar bith (lá nó oíche). Is iomaí cineál bulaíochta is féidir a éascú tríd an gcibearbhulaíocht. Mar shampla, d'fhéadfaí téacsteachtaireachtaí homafóbacha a sheoladh chuig duine nó pictiúir a phostáil mar aon le ráitis dhiúltacha mar gheall ar ghnéasacht duine, cuma duine srl.
• Ainmneacha maslacha a thabhairt ar dhuine: Duine ar bith a thugann ainm maslach, goilliúnach nó náiritheach ar dhuine eile, ba cheart féachaint air sin mar iompar bulaíochta. Is minic a ndéantar tagairt do chuma fhisiciúil duine, m.sh. méid nó éadaí an duine sin, sna hainmneacha seo. D'fhéadfaí aird dhiúltach a dhíriú ar thuin chainte nó ar ghuth so-aitheanta. Is minic cumas acadúil a bheith ina chúis le hainmneacha maslacha: i gcás daoine a mheastar a bheith níos cliste ná mar is gnách agus i gcás daoine a mheastar a bheith níos laige ná mar is gnách.
• Dochar do mhaoin: Is féidir bulaíocht a dhíriú ar mhaoin phearsanta. I gceist ansin bheadh damáiste d'éadaí, d'fhón póca nó do ghléasanna eile, do leabhair scoile agus d'ábhar foghlama eile nó cur isteach ar thaisceadán nó ar rothar an dalta. D'fhéadfaí a bhfuil sa mhála scoile a chaitheamh amach ar an urlár. D'fhéadfaí rudaí pearsanta a bhriseadh, a loit, a ghoid nó a chur i bhfolach.
• Sracadh: D'fhéadfaí airgead a éileamh, faoi bhagairt uaireanta (bagairtí a chomhlíontar uaireanta mura gcuireann an dalta i dtrácht an t-airgead ar fáil nuair a iarrtar é). D'fhéadfaí iallach a chur ar dhalta maoin a ghoid ar son duine eile atá ag gabháil d'iompar bulaíochta.
Aguisín 2 Feachtas Frithbhulaíochta – Achoimre Fhoriomlán
Feachtas Frithbhulaíochta – Ag Láimhseáil Eachtraí/Teagmhas
Aguisín 3 Teimpléad chun Iompar Bulaíochta a Chuntas
Aguisín 4 Seicliosta don Athbhreithniú Bliantúil ar an mbeartas frithbhulaíochta agus a chur i bhfeidhm agus Fógra maidir le hathbhreithniú an Bhoird Bainistíochta ar an mbeartas frithbhulaíochta.
Polasaí Iontrála Scoil Bhriocáin 2022
Polasaí Iontrála Scoil Bhriocáin 2022
An Gort Mór, Rosmuc
Fón 091-574303
Ríomh phost: [email protected]
www.scoilbhriocain.weebly.com
Uimhir Rolla 17463L
Pátrún na scoile An t-Easpag Michael Duignan , Deoise Chaitliceach na Gaillimhe , Chill Mhic Dhuach agus Chill Fhionnúrach
1. Réamhrá
Comhlíonann an Polasaí Iontrála seo ceanglais an Achta Oideachais 1998, an Achta Oideachais (Iontráil i Scoileanna) 2018 agus an Achta um Stádas Comhionann 2000. Agus an polasaí seo á dhréachtú, chuaigh bord bainistíochta na scoile i gcomhairle le foireann na scoile, le pátrún na scoile agus le tuismitheoirí leanaí atá ag freastal ar an scoil.
D'fhaomh an pátrún scoile an polasaí ar an 20/12/22. Tá sé foilsithe ar shuíomh gréasáin na scoile agus cuirfear ar fáil i gcóip chrua é ar iarratas d'aon duine a iarrann é.
Tá na dátaí agus na hamlínte ábhartha do pholasaí iontrála Scoil Bhriocáin leagtha amach san fhógra maidir le hiontráil bhliantúil na scoile a fhoilsítear go bliantúil ar shuíomh gréasáin na scoile seachtain amháin ar a laghad roimh thús an phróisis iontrála don scoilbhliain lena mbaineann.
Ní mór an polasaí seo a léamh i gcomhar leis an bhfógra maidir le hIontráil Bhliantúil na scoile don scoilbhliain lena mbaineann.
Foilsítear an fhoirm iarratais i gcomhair iontrála ar shuíomh gréasáin na scoile agus cuirfear cóip chrua di ar fáil d’aon duine a iarrann sin.
2. Spiorad sainiúil agus cuspóirí ginearálta na scoile
Spiorad sainiúil agus cuspóirí ginearálta na scoile
Aidhmeanna
Is í fealsúnacht na scoile ná na t-oideachas sin a sholáthar in atmasfear ceannasach fite fuaite le comh-mheas. Mol an óige agus tiocfaidh sí!
Is bunscoil Ghaeltachta, Chaitliceach í Scoil Bhriocain faoi phátrúnacht An t-Easpag Michael Duignan , Deoise Chaitliceach na Gaillimhe , Chill Mhic Dhuach agus Chill Fhionnúrach is ea Scoil Bhriocáin
Ciallaíonn ‘éiteas Caitliceach’ éiteas agus spiorad sainiúil na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí, a chuireann chun cinn :
1. Forbairt iomlán na bpáistí – idir intleachtúil, mhothálach, fhisiciúil, spioradálta , aeistéitiúil agus shóisialta
2. Gaol beo le Dia agus le daoine eile
3. Fealsúnacht saoil bunaithe ar chreideamh i nDia agus ar shaol , ar bhás agus ar aiséirí Íosa ; agus
4. Oiliúint na ndaltaí sa gcreideamh Caitliceach
Cuirfimid oideachas reiligiúnda ar fáil do na páistí de réir theagasc, chleachtais agus thraidisiúin na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí.
Déanann muid cinnte;
Mar chuid den seirbhís a chuireann an scoil ar fáil do thuismitheoirí a theastaíonn a gcuid gasúir a thógáil sa gcreideamh Caitliceach sin, bíonn ranganna teagasc Críostaí a leanann curaclam a threasnaíonn na hábhair eile;
.
3. Ráiteas maidir le hIontráil
Ní dhéanfaidh Scoil Bhriocáin idirdhealú maidir le dalta a ligean isteach i scoil ar bhonn aon cheann díobh seo a leanas:
De réir Alt 61 (3) den Acht Oideachas 1998, forléireofar ‘foras stádais shibhialta', 'foras míchumais', 'leithcheal', 'foras stádas teaghlaigh', 'foras inscne', 'foras cine', 'foras reiligiúin', 'foras gnéaschlaonta' agus 'foras pobail Taistil' de réir alt 3 den Acht um Stádas Comhionann 2000.
Comhoibreoidh Scoil Bhriocáin leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta i gcomhlíonadh feidhmeanna na Comhairle faoin Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu 2004 maidir le soláthar oideachais do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, lena n-áirítear soláthar agus feidhmiú rang nó ranganna speisialta nuair a iarrann an Chomhairle a leithéid.
Comhlíonfaidh (cuir isteach ainm na scoile) le haon ordúchán a sheirbheálfar ar an bpátrún nó ar an mbord, de réir mar is ábhartha, faoi alt 37A agus le haon ordúchán a sheirbheálfar ar an mbord faoi alt 67(4)(b) den Acht Oideachais.
.
Bunscoileanna ag fáil iarratais ó iarratasóirí ar chreideamh mionlaigh
Is scoil í Scoil Bhriocain arb é an cuspóir atá aici oideachas a sholáthar i dtimpeallacht a chuireann luachanna reiligiúnacha áirithe chun cinn, agus ní dhéanann sí idirdhealú i gcas ina dtugann sí cead isteach do dhalta a chuir isteach ar áit sa scoil i gcomhréir le halt 7A den Acht um Stádas Comhionann 2000.
I gcás scoileanna speisialta agus scoileanna ina bhfuil rang nó aonad speisialta ag gabháil leo, ní mór an chatagóir/na catagóirí RSO ar a bhfreastalaíonn an scoil/an rang speisialta/an t- aonad speisialta a leagan amach anseo
Ní mór do scoileanna cheann de na ráitis seo a leanas a choinneáil a bhaineann leo agus na cinn nach bhfuil a scriosadh:
.
Nóta do scoileanna: Ní éilítear leis an Acht i gcás scoileanna ná ranganna speisialta a dhéanann foráil do chatagóir nó do chatagóirí riachtanas speisialta oideachais a stádas reatha a athrú. Leanfar ar aghaidh leis na socruithe reatha maidir leis an gcatagóir nó leis na catagóirí de riachtanais speisialta oideachais a ndéanann scoileanna foráil dóibh mar a tharla i mblianta roimhe sin ach amháin sa chás go n-ordaíonn an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta nó an Roinn a mhalairt.
4. Daltaí a Ligean Isteach
Ligfidh an scoil seo isteach gach dalta atá ag lorg iontrála ach amháin sna cásanna a leanas –
5. Ró-iarratas (ní mór do gach scoil an chuid seo a chomhlánú, scoileanna nach measann go mbeidh ró-eileamh orthu san áireamh)
Sa chás go bhfuil ró-éileamh ar an scoil, déanfaidh an scoil na critéir roghnaithe a leanas a chur i bhfeidhm san ord ina bhfuil siad thíos maidir leis na hiarratais a fhaightear laistigh den amlíne chun iarratais a fháil mar atá leagtha amach i bhfógra iontrála na scoile agus na hiarratais ar chead isteach á gcinneadh aici.
Cuir na critéir roghnúcháin isteach anseo
Tabhair faoi deara: I gcás bunscoil a bhfuil sé ar intinn aici tús áite a thabhairt do mhac léinn le mionlach reiligiúnach de réir alt 7A den Acht um Stádas Comhionann 2000, ní mór don scoil sonraí na socruithe a chur san áireamh anseo (féach uimhir Cheisteanna Coitianta 15) (scrios murab infheidhme)
Sa chás go bhfuil beirt daltaí nó níos mó ceangailte le haghaidh áite nó áiteanna in aon cheann de na catagóirí critéir roghnúcháin thuas (agus líon na n-iarratasóirí níos mó ná líon na n-áiteanna atá fágtha), beidh feidhm ag na socruithe a leanas:
Ní dhéanfaidh Scoil Bhriocáin idirdhealú maidir le dalta a ligean isteach i scoil ar bhonn aon cheann díobh seo a leanas:
Farasbarr páistí don scoil
Má tharlaíonn go mbíonn farasbarr páistí do na h-áiteacha sa scoil cuirfear na coinníollacha seo leanas san áireamh.
6. An méid nach mbreithneofar ná nach gcuirfear san áireamh
De réir alt 62(7)(e) den Acht Oideachais 1998, ní dhéanfaidh an scoil aon cheann díobh seo a leanas a bhreithniú ná a chur san áireamh agus iarratais ar chead isteach á gcinneadh nó nuair a bhíonn dalta á c(h)ur ar liosta feithimh le haghaidh iontrála sa scoil.
Ní mór do scoileanna pointí (a) go (g) a chuimsiú anseo. Tá eisceachtaí teoranta ann ó chúis díobh seo a bhfuil aibhsiú dearg orthu agus ní mór do scoileanna na heisceachtaí a bhaineann leo a choinneáil agus iad sin nach mbaineann a scriosadh:
Tá sé sin faoi réir an iarratais a bheith faighte ag am ar bith le linn na tréimhse a shonraítear chun iarratais a fháil mar atá leagtha amach i bhfógra iontrála bliantúil na scoile don scoilbhliain lena mbaineann.
Tá sé sin faoi réir freisin ag an scoil tairiscintí a dhéanamh bunaithe ar liostaí feithimh reatha (suas go dtí an 31ú Eanáir 2025 amháin).
7. Cinntí ar iarratais
Béidh na cinntí go léir maidir le hiarratais ar iontráil chuig [ainm na scoile] bunaithe ar na nithe a leanas:
(Féach alt 14 thíos maidir le hiarratais a fuarthas lasmuigh den tréimhse iontrála agus alt 15 thíos maidir le hiarratais ar áiteanna i mblianta seachas an grúpa ligthe isteach.)
Ní úsáidfear critéir roghnúcháin nach n-áirítear inár bpolasaí iontrála scoile chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar áit inár scoil.
8. Cinntí a chur in iúl d'iarratasóirí
Cuirfear iarratasóirí ar an eolas i scríbhinn maidir le cinneadh na scoile, laistigh den amlíne atá leagtha amach san fhógra bliantúil iontrála.
Mura dtairgtear áit do dhalta inár scoil, cuirfear na cúiseanna nár tairgeadh áit dó nó di ar fáil i scríbhinn don iarratasóir, lena n-áirítear, nuair is infheidhme, sonraí maidir le rangú an dalta i gcoinne na gcritéar roghnúcháin agus na sonraí faoi áit an dalta ar an liosta feithimh don scoilbhliain lena mbaineann.
Cuirfear iarratasóirí ar an eolas faoin gceart chun athbhreithniú/ceart achomhairc a lorg maidir le cinneadh na scoile (féach alt 18 thíos le haghaidh tuilleadh sonraí).
9. Glacadh le tairiscint áite ag iarratasóir
Agus tairiscint iontrála á glacadh agat ó [ainm na scoile], ní mór duit an méid a leanas a léiriú--
(i) cé acu an bhfuil nó nach bhfuil glactha agat le tairiscint iontrála ar scoil nó ar scoileanna eile. Má ghlac tú le tairiscint den sórt sin, ní mór duit sonraí na tairisceana nó na dtairiscintí lena mbaineann a chur ar fáil freisin.
(ii) cé acu an bhfuil iarratas déanta agat ar thairiscint iontrála ó scoil nó ó scoileanna eile nó cé acu an bhfuil tú ag feitheamh lena dheimhniú, agus má tá, ní mór duit sonraí na scoile nó na scoileanna eile lena mbaineann a sholáthar.
10. Cúinsí nach féidir tairiscintí a dhéanamh ina leith nó a tharraingt siar
Ní féidir le [ainm na scoile] tairiscint iontrála a dhéanamh ná a tharraingt siar sna cásanna a leanas --
11. Sonraí a roinnt le scoileanna eile
Ba chóir d'iarratasóirí a bheith feasach go gceadaítear le hAlt 66(6) den Acht Oideachas (Iontráil Scoileanna), 2018 comhroinnt sonraí idir scoileanna d'fhonn iontráil éifeachtach daltaí a éascú.
12. Liosta feithimh i gcás ró-iarratais
I gcás go mbeidh níos mó iarratas ar an scoilbhliain lena mbaineann ná na háiteanna atá ar fáil, tiomsófar liosta feithimh de dhaltaí nár éirigh lena n-iarratas ar iontráil chuig [ainm na scoile] mar gheall ar ró-éileamh ar an scoil agus beidh siad bailí don scoilbhliain ina bhfuil cead isteach á lorg.
Tá socrúchán ar liosta feithimh [ainm scoile] san ord tosaíochta a shanntar d'iarratais na ndaltaí tar éis don scoil na critéir roghnúcháin a chur i bhfeidhm de réir an pholasaí iontrála seo.
Déanfar tairiscintí maidir le haon áiteanna ina dhiaidh sin a bheidh ar fáil don scoilbhliain agus lena linn a bhfuil cead isteach á lorg ina leith maidir leis na daltaí sin ar an liosta feithimh, de réir an oird tosaíochta ar cuireadh na daltaí ar an liosta.
13. Iarratais Dhéanacha
Breithneofar agus déanfar cinneadh ar gach iarratas ar chead isteach a fhaightear tar éis an dáta deiridh mar atá leagtha amach san fhógra iontrála bliantúil de réir pholasaí iontrála ár scoile, de réir an Achta um Iontrálacha Scoile 2018 agus de réir aon rialacháin a rinneadh faoin Acht sin.
14. Nósanna imeachta maidir le daltaí a ligean isteach i mblianta eile agus le linn na scoilbhliana
Seo a leanas nósanna imeachta na scoile maidir le daltaí a ligean isteach nach bhfuil glactha isteach sa scoil cheana féin chuig ranganna nó blianta seachas grúpa iontrála na scoile:
Is féidir le leanaí teacht chun na scoile ag am ar bith ag brath ar chúrsaí spáis & cead na Roinne Oideachais & Scileanna.
Má tá dalta ag athrú ó scoil eile, tá sé de dhualgas ar an mBord Bainistíochta cuntas tinrimh an linbh a sheoladh go dtí an scoil eile & tuairisc ar dhul chun cinn an linbh a sheoladh ina theannta sin (cead an tuismitheora riachtanach don tuairisc ar dhul chun cinn an linbh) de réir an Acht Oideachais Sóisialta (2000).
Tá sé molta gur ag tús téarma a bheadh aon phaiste nua ag tosnú
Is iad a leanas nósanna imeachta na scoile maidir le daltaí a ligean isteach nach bhfuil glactha isteach sa scoil cheana féin, tar éis thús na scoilbhliana ina lorgaítear an cead isteach:

15. Dearbhú maidir le gan táillí a ghearradh
Baineann an riail seo le gach scoil.
Ní ghearrfaidh bord (ainm na scoile) ná aon duine a ghníomhaíonn thar a cheann táillí ar íocaíocht nó ní lorgeoidh sé nó sí íocaíocht ná ranníocaíocht (cibé slí a dtuairiscítear) mar choinníoll de -
Tabhair faoi deara: Ní bhaineann eisceachtaí ach le meánscoileanna a ghearrann táillí, leis an ngné chónaithe i Scoileanna Cónaithe agus le ligean isteach i gcúrsaí Iar-Ardteistiméireachta nó cúrsaí breisoideachais a reáchtálann iar-bhunscoileanna.
16. Socruithe maidir le daltaí nach bhfreastalaíonn ar theagasc reiligiúnach
Ní mór do scoileanna a chuireann teagasc reiligiúnach ar fáil do dhaltaí an chuid seo a chomhlánú.
Seo a leanas socruithe na scoile do dhaltaí, sa chás gur iarr na tuismitheoirí, a d'iarr go bhfreastalódh an dalta ar an scoil gan freastal ar theagasc reiligiúnach sa scoil. Ní bheidh laghdú ar lá scoile na ndaltaí sin mar thoradh ar na socruithe sin.
Beidh clár oibre curtha le chéile ag an múinteoir ranga agus an múinteoir oideachas speisialta dos na daltaí nach mbeidh ag freastal ar n=theagasc reiligiúnach.
17. An ceart chun athbreithnithe/achomhairc
Athbhreithniú ar chinntí an Bhord Bainistíochta
Féadfaidh tuismitheoir mac léinn, nó i gcás mac léinn a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige/aici féadfaidh sé/sí a iarraidh ar an mbord athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh áit sa scoil a dhiúltú. Ní mór iarratais den gcineál sin a dhéanamh de réir Alt 29C den Acht Oideachais 1998.
Tá an t-amlíne ina gcaithfear athbhreithniú den gcineál sin a iarraidh agus na ceanglais eile a bhaineann maidir le hathbhreithnithe den gcineál sin leagtha amach sna nósanna imeachta arna gcinneadh ag an Aire faoi alt 29B den Acht Oideachais 1998 atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Déanfaidh an Bord athbhreithnithe den gcineál sin de réir na nósanna imeachta a rialaítear faoi Alt 29B i gcomhair le Alt 29C den Acht Oideachais 1998.
Tabhair faoi deara: Sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, ní mór don iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998.
Sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar chúis seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, féadfaidh an t-iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998.
Ceart achomhairc
Faoi Alt 29 den Acht Oideachais 1998, féadfaidh tuismitheoir mac léinn, nó i gcás mac léinn a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige/aici, féadfaidh sé/sí achomharc a dhéanamh ar chinneadh na scoile seo áit sa scoil a dhiúltú.
Is féidir achomharc a dhéanamh faoi Alt 29 (1)(c)(i) den Acht Oideachais 1998 sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil.
Is féidir achomharc a dhéanamh faoi Alt 29 (1)(c)(ii) den Acht Oideachais 1998 sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar chúis seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil.
Sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, ní mór don iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998. (féach Athbhreithniú ar chinntí an Bhord Bainistíochta)
Sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar chás seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, féadfaidh an t-iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998. (féach Athbhreithniú ar chinntí an Bhord Bainistíochta)
Déanfar achomhairc faoi Alt 29 den Acht Oideachais 1998 a mheas agus a chinneadh ag coiste neamhspleách achomhairc arna cheapadh ag an AIre Oideachais agus Scileanna.
Tá an t-amlíne ina gcaithfear achomharc den gcineál sin a iarraidh agus na ceanglais eile a bhaineann maidir le hachomhairc den gcineál sin leagtha amach sna nósanna imeachta arna gcinneadh ag an Aire faoi alt 29B den Acht Oideachais 1998 atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scilea
Polasaí Iontrála Scoil Bhriocáin 2022
An Gort Mór, Rosmuc
Fón 091-574303
Ríomh phost: [email protected]
www.scoilbhriocain.weebly.com
Uimhir Rolla 17463L
Pátrún na scoile An t-Easpag Michael Duignan , Deoise Chaitliceach na Gaillimhe , Chill Mhic Dhuach agus Chill Fhionnúrach
1. Réamhrá
Comhlíonann an Polasaí Iontrála seo ceanglais an Achta Oideachais 1998, an Achta Oideachais (Iontráil i Scoileanna) 2018 agus an Achta um Stádas Comhionann 2000. Agus an polasaí seo á dhréachtú, chuaigh bord bainistíochta na scoile i gcomhairle le foireann na scoile, le pátrún na scoile agus le tuismitheoirí leanaí atá ag freastal ar an scoil.
D'fhaomh an pátrún scoile an polasaí ar an 20/12/22. Tá sé foilsithe ar shuíomh gréasáin na scoile agus cuirfear ar fáil i gcóip chrua é ar iarratas d'aon duine a iarrann é.
Tá na dátaí agus na hamlínte ábhartha do pholasaí iontrála Scoil Bhriocáin leagtha amach san fhógra maidir le hiontráil bhliantúil na scoile a fhoilsítear go bliantúil ar shuíomh gréasáin na scoile seachtain amháin ar a laghad roimh thús an phróisis iontrála don scoilbhliain lena mbaineann.
Ní mór an polasaí seo a léamh i gcomhar leis an bhfógra maidir le hIontráil Bhliantúil na scoile don scoilbhliain lena mbaineann.
Foilsítear an fhoirm iarratais i gcomhair iontrála ar shuíomh gréasáin na scoile agus cuirfear cóip chrua di ar fáil d’aon duine a iarrann sin.
2. Spiorad sainiúil agus cuspóirí ginearálta na scoile
Spiorad sainiúil agus cuspóirí ginearálta na scoile
Aidhmeanna
Is í fealsúnacht na scoile ná na t-oideachas sin a sholáthar in atmasfear ceannasach fite fuaite le comh-mheas. Mol an óige agus tiocfaidh sí!
Is bunscoil Ghaeltachta, Chaitliceach í Scoil Bhriocain faoi phátrúnacht An t-Easpag Michael Duignan , Deoise Chaitliceach na Gaillimhe , Chill Mhic Dhuach agus Chill Fhionnúrach is ea Scoil Bhriocáin
Ciallaíonn ‘éiteas Caitliceach’ éiteas agus spiorad sainiúil na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí, a chuireann chun cinn :
1. Forbairt iomlán na bpáistí – idir intleachtúil, mhothálach, fhisiciúil, spioradálta , aeistéitiúil agus shóisialta
2. Gaol beo le Dia agus le daoine eile
3. Fealsúnacht saoil bunaithe ar chreideamh i nDia agus ar shaol , ar bhás agus ar aiséirí Íosa ; agus
4. Oiliúint na ndaltaí sa gcreideamh Caitliceach
Cuirfimid oideachas reiligiúnda ar fáil do na páistí de réir theagasc, chleachtais agus thraidisiúin na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí.
Déanann muid cinnte;
- Atmaisféar Críostúil a chruthú, le onóir chuig Dia, páidreacha,
- go mbeadh an creideamh le mothú tríd an scoil,
- siombailí Chríost a thaispeáint sa scoil.
- go bhfuil meas ar gach duine i bpobal na scoile,
- An nasc idir an scoil, an baile agus an paróiste a aithint agus a fhorbairt.
Mar chuid den seirbhís a chuireann an scoil ar fáil do thuismitheoirí a theastaíonn a gcuid gasúir a thógáil sa gcreideamh Caitliceach sin, bíonn ranganna teagasc Críostaí a leanann curaclam a threasnaíonn na hábhair eile;
- Meas agus cúram don domhan cruthaithe,
- Tuiscint ar an duine pearsanta, mórálta, fisiciúil, spioradálta, siceolaíoch, grámhar, speisialta agus uathúil.
- Ealaín,ceol,an focal scríofa,drámaíocht
- Cultúr,stair,traidisiún.
.
3. Ráiteas maidir le hIontráil
Ní dhéanfaidh Scoil Bhriocáin idirdhealú maidir le dalta a ligean isteach i scoil ar bhonn aon cheann díobh seo a leanas:
- inscne an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- stádas sibhialta an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- stádas teaghlaigh an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- gnéaschlaonadh an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- reiligiún an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- bunús mhíchumas an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- cine an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- dalta nó iarratasóir ó phobal an lucht siúil i leith an dalta lena mbaineann, nó
- riachtanais speisialta oideachais a bheith ag an dalta nó ag an iarratasóir i leith an dalta lena mbaineann.
De réir Alt 61 (3) den Acht Oideachas 1998, forléireofar ‘foras stádais shibhialta', 'foras míchumais', 'leithcheal', 'foras stádas teaghlaigh', 'foras inscne', 'foras cine', 'foras reiligiúin', 'foras gnéaschlaonta' agus 'foras pobail Taistil' de réir alt 3 den Acht um Stádas Comhionann 2000.
Comhoibreoidh Scoil Bhriocáin leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta i gcomhlíonadh feidhmeanna na Comhairle faoin Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu 2004 maidir le soláthar oideachais do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, lena n-áirítear soláthar agus feidhmiú rang nó ranganna speisialta nuair a iarrann an Chomhairle a leithéid.
Comhlíonfaidh (cuir isteach ainm na scoile) le haon ordúchán a sheirbheálfar ar an bpátrún nó ar an mbord, de réir mar is ábhartha, faoi alt 37A agus le haon ordúchán a sheirbheálfar ar an mbord faoi alt 67(4)(b) den Acht Oideachais.
.
Bunscoileanna ag fáil iarratais ó iarratasóirí ar chreideamh mionlaigh
Is scoil í Scoil Bhriocain arb é an cuspóir atá aici oideachas a sholáthar i dtimpeallacht a chuireann luachanna reiligiúnacha áirithe chun cinn, agus ní dhéanann sí idirdhealú i gcas ina dtugann sí cead isteach do dhalta a chuir isteach ar áit sa scoil i gcomhréir le halt 7A den Acht um Stádas Comhionann 2000.
I gcás scoileanna speisialta agus scoileanna ina bhfuil rang nó aonad speisialta ag gabháil leo, ní mór an chatagóir/na catagóirí RSO ar a bhfreastalaíonn an scoil/an rang speisialta/an t- aonad speisialta a leagan amach anseo
Ní mór do scoileanna cheann de na ráitis seo a leanas a choinneáil a bhaineann leo agus na cinn nach bhfuil a scriosadh:
.
Nóta do scoileanna: Ní éilítear leis an Acht i gcás scoileanna ná ranganna speisialta a dhéanann foráil do chatagóir nó do chatagóirí riachtanas speisialta oideachais a stádas reatha a athrú. Leanfar ar aghaidh leis na socruithe reatha maidir leis an gcatagóir nó leis na catagóirí de riachtanais speisialta oideachais a ndéanann scoileanna foráil dóibh mar a tharla i mblianta roimhe sin ach amháin sa chás go n-ordaíonn an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta nó an Roinn a mhalairt.
4. Daltaí a Ligean Isteach
Ligfidh an scoil seo isteach gach dalta atá ag lorg iontrála ach amháin sna cásanna a leanas –
- i gcás ina bhfuil ró-éileamh ar an scoil (féach alt 6 thíos le haghaidh tuilleadh sonraí)
- i gcás go dteipeann ar thuismitheoir dalta, nuair a éilíonn an príomhoide é de réir alt 23(4) den Acht Oideachais (Leas) 2000, a dhearbhú i scríbhinn go bhfuil cód iompair na scoile inghlactha dó nó di agus go ndéanfaidh sé nó sí gach iarracht réasúnach lena chinntiú go gcomhlíonfaidh an dalta an cód sin
5. Ró-iarratas (ní mór do gach scoil an chuid seo a chomhlánú, scoileanna nach measann go mbeidh ró-eileamh orthu san áireamh)
Sa chás go bhfuil ró-éileamh ar an scoil, déanfaidh an scoil na critéir roghnaithe a leanas a chur i bhfeidhm san ord ina bhfuil siad thíos maidir leis na hiarratais a fhaightear laistigh den amlíne chun iarratais a fháil mar atá leagtha amach i bhfógra iontrála na scoile agus na hiarratais ar chead isteach á gcinneadh aici.
Cuir na critéir roghnúcháin isteach anseo
Tabhair faoi deara: I gcás bunscoil a bhfuil sé ar intinn aici tús áite a thabhairt do mhac léinn le mionlach reiligiúnach de réir alt 7A den Acht um Stádas Comhionann 2000, ní mór don scoil sonraí na socruithe a chur san áireamh anseo (féach uimhir Cheisteanna Coitianta 15) (scrios murab infheidhme)
Sa chás go bhfuil beirt daltaí nó níos mó ceangailte le haghaidh áite nó áiteanna in aon cheann de na catagóirí critéir roghnúcháin thuas (agus líon na n-iarratasóirí níos mó ná líon na n-áiteanna atá fágtha), beidh feidhm ag na socruithe a leanas:
Ní dhéanfaidh Scoil Bhriocáin idirdhealú maidir le dalta a ligean isteach i scoil ar bhonn aon cheann díobh seo a leanas:
- inscne an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- stádas sibhialta an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- stádas teaghlaigh an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- gnéaschlaonadh an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- reiligiún an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- bunús mhíchumas an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- cine an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
- dalta nó iarratasóir ó phobal an lucht siúil i leith an dalta lena mbaineann, nó
- riachtanais speisialta oideachais a bheith ag an dalta nó ag an iarratasóir i leith an dalta lena mbaineann.
Farasbarr páistí don scoil
Má tharlaíonn go mbíonn farasbarr páistí do na h-áiteacha sa scoil cuirfear na coinníollacha seo leanas san áireamh.
- Tabharfar tús áite má tá deartháir/deirfiúr níos sine sa scoil.
- De réir aoise, glacfar leis na gasúir is sine ar dtús.
6. An méid nach mbreithneofar ná nach gcuirfear san áireamh
De réir alt 62(7)(e) den Acht Oideachais 1998, ní dhéanfaidh an scoil aon cheann díobh seo a leanas a bhreithniú ná a chur san áireamh agus iarratais ar chead isteach á gcinneadh nó nuair a bhíonn dalta á c(h)ur ar liosta feithimh le haghaidh iontrála sa scoil.
Ní mór do scoileanna pointí (a) go (g) a chuimsiú anseo. Tá eisceachtaí teoranta ann ó chúis díobh seo a bhfuil aibhsiú dearg orthu agus ní mór do scoileanna na heisceachtaí a bhaineann leo a choinneáil agus iad sin nach mbaineann a scriosadh:
- freastal roimh ré ag dalta ar réamhscoil nó ar sheirbhís réamhscoile, lena n-áirítear naíonraí,
- rang luath-idirghabhála,
- réamhscoil tús luath, a shonraítear i liosta a fhoilsíonn an tAire ó am go ham;
- íocaíocht táillí nó ranníocaíochtaí (cibé slí a dtuairiscítear é) leis an scoil;
- cumas, scileanna nó inniúlacht acadúil an dalta;
- ligean isteach chuig (a) scoil speisialta nó (b) rang speisialta a mhéad is gá chun a fháil amach an bhfuil nó nach bhfuil an chatagóir riachtanas speisialta oideachais lena mbaineann ag an dalta agus/nó
- ligean isteach i scoil Ghaeilge, de réir fhorálacha alt 62(9) den Acht
- gairm, stádas airgeadais, cumas acadúil, scileanna nó inniúlacht tuismitheoirí dalta;
- ceanglas go bhfreastalóidh dalta, nó a t(h)uismitheoirí ar agallamh, lá oscailte nó cruinniú eile mar choinníoll iontrála;
- ceangal dalta leis an scoil de bhua duine dá t(h)eaghlach nó dá teaghlach ag freastal ar an scoil nó a bhí ag freastal ar an scoil roimhe sin;
- an dáta agus an t-am ar ghlac an scoil le hiarratas iontrála,
Tá sé sin faoi réir an iarratais a bheith faighte ag am ar bith le linn na tréimhse a shonraítear chun iarratais a fháil mar atá leagtha amach i bhfógra iontrála bliantúil na scoile don scoilbhliain lena mbaineann.
Tá sé sin faoi réir freisin ag an scoil tairiscintí a dhéanamh bunaithe ar liostaí feithimh reatha (suas go dtí an 31ú Eanáir 2025 amháin).
7. Cinntí ar iarratais
Béidh na cinntí go léir maidir le hiarratais ar iontráil chuig [ainm na scoile] bunaithe ar na nithe a leanas:
- Polasaí iontrála na scoile
- Fógra iontrála bliantúil na scoile (nuair is cuí);
- An fhaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil i bhfoirm iarratais oifigiúil na scoile a fuarthas le linn na tréimhse atá sonraithe inár bhfógra iontrála bliantúil chun iarratais a fháil;